An giorria ar bhord an tsléibhe; Muintir Dharachaí - Pádraig Ó hEadhra


Recording: [Download audio file] [Download AIFF audio file (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF audio file (of archive version)]

Transcript

D'éirigh mise ar maidin. Thriall mé orm 'un an tsléibhe. Bhog liom suas ar thaobh an chnoic. D'éirigh an giorria romham. Muise, (dar fia) go deimhin, rith an giorria chomh sciobthaí is d'fhéad sé go barr an chnoic (ach) d'fhan sé. Shiúil mise go sciobthaí (...) suas 'na dhéidh. Bhí mé cinntí go mb'fhéidir go... go bhfanfadh sé liom. Bhí mo mhada beag leis an tsáil agam suas le sáil an ghiorria. Ara, chuaigh an giorria go barr an chnoic agus d'éalaigh leis síos ar thaobh an chnoic, an taobh (óduaidh) dhon chnoc ins na heanaigh beaga bána, ins na gleannta thart (os coinne) an bhiorla[1] a chois na habhna. Bhí an biorla chomh hard is nár fhéad mise é a fheiceál. Bhí sé faoin mbiorla ag faireadh ormsa agus níor fhéad mise é a fheiceál, ach chonaic seisean mise.

Chuaigh mé síos le fánaidh, tursach sáraithe nó gur chuartaigh mé thart ins an áit ar shíl mé a mbeadh sé, is bhí sé míle (is fiche) uaim. Chroch sé a chloigeann. Chonaic sé mé. Chuaigh sé dho léim thar an abhainn. Ní rabh mise sách láidir ná dadaí dhá shórt. B'éigean dom an abhainn a shiúl go rabh mé fliuch báití tursach fuar(...). Tháinig mise ar ais aríst aníos an cnoc in éis an ghiorria. Nuair a tháinig sé trasna na habhna, ara, (blár) an domhain, is bhí an giorria ag tabhairt chaon léim aníos an cnoc is mise go (hathlamh) ag siúl aníos ina dhéidh (díreach).

Bhí sé tursach sáraithe thuas i mbarr an chnoic nuair a bhí mise leath an bhealaigh. Síos, síos go dtí an (taoide) cinntí. Bhí an mada beag déantaí chomh dona liom féin. Bhí sé tursach ag goil thart ag seilg thart round about ag iarraidh a lorg a fháil. Fuair sé a lorg ar deireadh thiar. D'imigh an giorria nuair a chonaic sé mise ag tíocht in aice leis. D'imigh leis siar go hUmhall Uí Mháille thart na cnoic round about, is níor stop sé ariamh ná go ndeachaigh sé go bord farraige síos go (Drogheda) agus aníos leis (le) fánaidh go dtáinig sé insa... insa gcuan céanna a rabh sé san oíche ann. Bhí mise ag tíocht is ag imeacht tursach sáraithe le linn an tráthnónaí. Ara, nuair a tháinig mise isteach abhaile, by goraway, bhí mé chomh tursach nár fhéad mé mo chuid éadaí fliuch a bhaint díom ach mo shuí ansin fliuch báití fuar crupthaí gan tinidh gan teas gan digh gan deis ná dóigh.

**********

D'éirigh mise ar maidin.
D'éalaigh mé síos go (Garachain),
An áit a rabh mé ag triall ar maidin ann.
I measc na daoiní móra is na daoiní cóir ann
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Grá mo chroí iad, mo chuid 'on tsaol iad.
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Tá na daoiní móra ann, tá na daoiní cóir ann.
Tá an gréasaí bróg ann in achuile theach acu.
Tá an ceannaí mál anuas ón gClár
Ag iarraidh a bheith ag déanamh (áras)
Ar (bhaltachaí) beaga, gránna (Gharachain).
Tá an caibléaraí ann, tá an máistir scoile istigh i gceartlár an bhaile acu
Ag múnadh eolas dho chuile leaid
Tá an Reading Made Easy agus an Primer agus an Dictionary.
"Ara, cén sórt iad sin?" arsa mise.
"An The Reading Made Easy ná an Dictionary
Ní rabh, ní fhaca mise ariamh iad.
Níl a fhios agam cén sórt iad.
An t-iarratas atá ormsa:
Tá mé ag iarraidh bean ort dho mo mhac!"

Translation

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Footnotes

= bhiolra/bhiolair. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (Dublin, 1968; repr. 1980), § 472. (Back)

Commentary

This unusual piece is in two parts, the first describing the author's pursuit of a hare without success, and the second describing an area and its people. The story of the pursuit of the hare does not seem to contain any major folkloric motifs or be based on any other significant narrative types, and may simply represent a chronicate, or remembered anecdote from the storyteller's experience. It does mention some placenames, one of which can be identified as Umhall Uí Mháille, a region in county Mayo comprised of two baronies. Umhall Uachtarach (Upper Owel) was the former name of the Barony of Murrisk, and Umhall Íochtrach (Lower Owel) was the former name for the barony of Burrishoole. Together they were known as Umhall Uí Mháille, or the Territory of the O'Malleys. See Theresa McDonald, Achill Island (Tullamore, 1997), 5. The location of Darachaí/Garrachan is unclear, but it is perhaps to be identified with Dararach, in Kilcommon Parish, county Mayo, or Garoke in Shancough parish, county Sligo. The item seems to end abruptly, and could be part of a longer piece that went unrecorded.

Title in English: The hare on the mountain; the Darachaí people
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy

Description of the Recording:

Speaker: Pádraig Ó hEadhra from Co. Sligo
Person who made the recording: Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 11-09-1930 at 10:45:00 in University College, Galway. Recorded on 11-09-1930 at 10:45:00 in University College, Galway.
Archive recording (ID LA_1124d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:03 minutes long. Archive recording (ID LA_1124d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:03 minutes long.
User recording (ID LA_1124d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:01 minutes long. User recording (ID LA_1124d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:01 minutes long.