Na naoi rainn - Brigid Mullryan


Recording: [Download audio file] [Download AIFF audio file (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF audio file (of archive version)]

Transcript

An té a mbeadh aige na naoi rainn
B'aoibhinn dó go cruinn,
Ba saolach é agus ba sean,
Agus bheadh neamh aige dhá cheann.

(A Dhia), a dhuine, cuimnigh[1] ar a chríochaí,
Ná codail i bhfíocha ná i bhfeirg,
Is fuar an t-éadach a rachas leat
Agus go sínfear do chrios leis an gcré dheirg.

Is minic a ním iomrá
Ar mo chomharsa agus ar m'fhear cumann,
Cé gur mór mór
'Tá le freagairt agam.

Is mór gluaiseacht as Gleann na nDeor,
Agus mairg a theigheanns ann ar anó.
Ní br(...) (eolaí)
Theacht i gcoinne ár n-anama anall,
Agus is deoraí é a bhíonns ar seachrán.

Is mian liom a ghoil anonn,
Agus is (cuimhin liom a lán romham),
Is beag mo bharr abhus,
Agus trua nach thall a threabhas.

Is tú m'athair, is tú m'oide,
Is tú an Rí glórmhar a rugadh i gcathair na Beithile,
Nuair nach fiú mé thú do ghlacadh,
Slánaigh mé dho t'fheiscint.

Lig anuas na deora troma,
Leis an gcolainn ná déan tnúth,
Ar maidin ná bí i do bhalbhán,
Agus gur gearr gur marbhán thú.

Sí an dréim go barr í,
Sí an phaidir, sí (an urnaighthe) í,
Is ciallmhar, is chráifeach í,
Agus is droichead dho Shíol Éabha í.
Sé an teagasc a thug Mac Dé
Dhá eaglais féin ar an bhfómhar tais.
Téirigh 'un aifrinn gan do bhrógaí
Agus ná déan bróig ar bith as do bhrat,
Buail bealach na dtrí ród,
Agus beannaigh faoi dhó dhon bhocht.

Gach a bhfaca tú ariamh dh'airgead agus dh'ór,
Ní chloisfidh tú achoíchín na ceolta cruit,
Ní fheicfidh tú flaithis Mhic Dé,
Gan leaba agus déirce na mbocht.

Bí go mín leis an mbocht,
Agus gur insa gcré a theigheanns an corp,
Gur mór an díol déirce an bocht,
Agus go ndeachaidh Mac Dé ina riocht.

Tiocfaidh lá ar Shliabh Sióin na Slua,
Is duibhe ná an gual do ghné,
(Le mar) gcaoinfidh tú do (chrudh) agus thú féin,
Caoin bás na sleá má fhéadair
Agus na gártha cumha
Míle fearr le rá ná an béal (...).

Ifreann fuar fliuch,
Baile é gan chill gan chrois,
Baile (suain searbh deoch),
Och, ní rachaidh mé ann
Ar each ná ar chois.

Ach is minic a leagadh marcach maith,
Agus go n-éireodh leis a ghoil ar dhroim (...),
Is anois, ó tharla muid (ar) dheireadh na slí,
Tar, a Chríost, agus saor sinn.

A Rí na nAingeal[2] ,
Agus a Ard-Rí na Glóire,
Is ort a iarramaid a[3] n-achainí,
Ós agad atá ar bhfuascailt,
Sinn a chur dho na peacaí,
Agus sinn a thabhairt ar an eolas,
Agus tabhair dhúinn a n-aithrí,
Nó go (sile muid) na deoraí.

Sin seacht bpaidreachaí
Chuir Muire fóna Mac,
Chuir Bríd fóna brat,
Chuir Mícheál fóna scéith,
Chuir Dia dílis faoina neart,
Dhár seachaint ar gach uile mhíle olc,
Ar shlua sí, ar bhás spídithe,
Ar náire shaolta. Áiméan.

Translation

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Footnotes

= cuimhnigh. (Back)
Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 562, regarding the -ng- in this word. (Back)
= ár. (Back)

Commentary

Other versions of verses 8-11 and 13-14 appear in Dubhghlas de hÍde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 vols, London and Dublin, 1906), vol. 1, 374-6, and a version of verse 16 appears op. cit., vol. 2, 50-2.

Title in English: The nine virtues(?)
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy

Description of the Recording:

Speaker: Brigid Mullryan from Co. Galway
Person who made the recording: Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 15-09-1930 in University College, Galway. Recorded on 15-09-1930 in University College, Galway.
Archive recording (ID LA_1148d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:14 minutes long. Archive recording (ID LA_1148d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:14 minutes long.
User recording (ID LA_1148d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:12 minutes long. User recording (ID LA_1148d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:12 minutes long.