Táilliúir an chroí mhóir - Labhrás Ó Cadhla


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá táilliúir ' chroí mhóir ar an dtaobh so ' Shliabh gCua
Agus gearrann sé mórchuid éadaigh;
Do dh'éalaigh sé uainn, ó, le scaoinse mnaoi[1] rua
A raibh bobs ina cluasa agus péarlaí;
Tá ceo daingean buan ar a intinn anuas
Agus beidh go Lá ' Luain is baol liom.
Mara dtagair go luath agus a thabhairt di siúd fuath
Mhuise is dealbh do chuaird in Éirinn.

A Shéamais na páirte, ó chasais id shláinte,
Ó, cuirfimid fáilte agus céad romhat
Go Buí-Chnoc na sár(bhfir) ba mhinic tú ag gáire
Agus ainnir chiúin mhánla taobh leat;
Nín[2] aon bhean tábhairne dá bhfuil ar an áit
Nár dhíolais an táille léithe;
Seasfaidh an tráill, ó, nach maith í do cháil
(Tusa ag imeacht) go brách le Mary.

A Shéamais Uí Chaorainn, nach dealbh an scéal é
Tú a bheith ag imeacht id réic tar teorainn;
Go dtí an Bhreatain má théir, óra, meathfaidh do cheird
Agus imeoir id réic gan feoirling;
Tiocfaidh an t-éad ar an bhfear eile id thaobh
Agus gearrfaidh, is baol é, do scórnach;
Ní bheidh Aifrinn Dé, ó, le t'anam dá léamh,
Is b'fhearr a bheith in Éirinn, ba dhóigh liom.

A bhuachaillí chroí, más imeacht is cuí dhom,
Ó, cuirigí bhur míle slán liom;
Nach minic a shuínnse seal in úr dtimpeall,
[3] chaithis is meidhir orm ag gáire;
Ní fheiceoidh sibh choíche mise sa tír seo,
Ó, rachaidh mé anonn don stáir úd;
Leanfad mo mhaoin a dtugas taitneamh dá gnnaoi;
San Bhreatain a bheidh mo luí agus m'áras.

Aistriúchán

There's a big-hearted tailor on this side of Slieve Gua
And he cuts a great amount of cloth;
He slipped away from us, oh, with a tall strong red-haired woman
Who had 'bobs' in her ears and pearls;
A permanent cloud has descended on his mind
And will remain until Judgement Day I fear.
If you don't come soon and pour hatred on her
Your trip in Ireland will be bleak.

My dear Séamas, since you returned in good health,
Oh, we welcome you a hundred and one times over
To Knockboy of the fine men(?) [where] you often came laughing
Accompanied by a quiet gentle young woman;
There is no tavern-woman in the place
To whom you have not paid her bill;
The trollop will survive, oh, what a reputation you have
As you (?) go away forever with Mary.

Séamais Ó 'Chaorainn[4], what terrible news it is
That you are going abroad as a rake;
To Wales if you go, oro, your trade will fail
And you'll end up as a rake without a farthing;
The other man will become jealous of you
And he will, I fear, cut your throat;
God's Mass won't be read, oh, for your soul,
And it's better to be in Ireland, I would think.

"Dearest boys, if it is proper that I go,
Oh, give me your thousand goodbyes;
How often I used to sit a while in your presence,
I used to laugh with pleasure and joy;
You will never see me in this country again,
Oh, I will go over in one go;
I will follow my treasure whose countenance I have loved;
In Wales I'll sleep and live."

Fonótaí

Recte de mhnaoi? (Back)
= níl. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 533. (Back)
= faoi/fé. (Back)
= Ó hEachthighearna/Hearne/Ahearne. (Back)

Tráchtaireacht

Tá taifeadadh eile den amhrán seo a rinne an faisnéiseoir céanna sna 1940í le fáil ar Labhrás Ó Cadhla: amhráin ó Shliabh gCua (RTÉ, 2000), áit a dtugtar cuntas Uí Chadhla ar chúlra an amhráin agus ar an tslí ar chum filí éagsúla é: 'Táilliúir a bhíodh ina chónaí i Sliabh gCua: Séamas Ó ’Chaorainn [Ó hEachiairn] ab ainm do. Thit sé i ngrá le cailín agus bhíodar chun imeacht - éaló lena chéile go dtí an mBreathnaisc - agus an oíche sarar dh'imigh sé bhí ceathrar nó cúigear des na filí a bhí thimpeall na háite istigh ann chun slán a dh'fhágaint aige, agus chuir an mháthair an glas ar an doras agus dúirt sí ná scaoilfeadh sí aoinne acu amach go dtí go gceapfaidís véarsa filíochta dho; agus thosnaigh duine acu ansan, Craitheach ab ainm do.' Do chuntas ar na véarsaí a leagtar ar gach file ar leith féach Pádraig Ó Miléadha, 'Seanchas Sliabh gCua', Béaloideas 6 (1936), 179-81. Tá leagan eile a chan Ó Cadhla den amhrán, agus a tras-scríobhadh sna 1940í, le fáil in Dáithí Ó hÓgáin, Binneas thar meon 1: a collection of songs and airs made by Liam de Noraidh in east Munster (BÁC, 1994), 120-2.

Tá gean an phobail ar an bhfonn seo le fada an lá. Tá 'The Girl of Bruree', faoi mar a d'fhoilsigh Patrick Weston Joyce é in Old Irish folk music and song (Dublin, 1909), 120, uimh. 249, cosúil leis an bhfonn a chanann Ó Cadhla anseo. D'úsáid Joyce an t-amhrán a thagann díreach ina dhiaidh, a bhfuil an teideal 'Felix' air, chun léiriú a thabhairt ar an úsáid fhorleathan a bhain liriceoirí ar fud na tíre as an bhfonn áirithe seo. Léirigh Joyce a mhéad a thaitin an fonn le daoine tríd an líon mór leaganacha de a d'aimsigh sé. Tá léiriú le fáil air seo freisin i mbailiúcháin Forde Pigott (Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann). Tá an fonn an-chosúil le leagan Conallach den 'Lon Dubh', faoi mar a thaifead leithéidí an fhidléara John Doherty (1900-80) é. Tá dhá leagan den fhonn le fáil freisin in Richard Henebry, A handbook of Irish music (Cork, 1928), 92, 292.

Teideal i mBéarla: The big-hearted tailor
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Labhrás Ó Cadhla as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 08:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 08:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1031d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1031d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1031d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1031d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:01 nóiméad ar fad.