Buíochas

Gabhaimid buíochas leis an Údarás um Ard-Oideachas as an maoiniú faoi shraith 4 den Chlár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal (PRTLI), a chuir ar ár gcumas tabhairt faoin tionscadal seo.

Is mian linn buíochas a ghlacadh leis an bPríomhthaighdeoir, an tOllamh Jane Conroy, OÉ Gaillimh, le foireann uile an Tionscadail, le Faireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (Digital Humanities Observatory) - Paolo Battino, Shawn Day, Don Gourley, Kevin Hawkins, An Dr Faith Lawrence, Niall O'Leary, Dot Porter, An Dr Susan Schreibman, An Dr Bruno Voisin - a chuir an tionscadal i gcrích; le foireann Leabharlann an Acadaimh, agus le foireann riaracháin agus theicniúil an Acadaimh agus le foireann an IHTA, a thacaigh leis an tionscadal ó thús go deireadh.

Gabhaimid buíochas leis na daoine seo a leanas as cabhrú agus comhoibriú linn:

An Dr Franz Fischer; Herr Jürgen Mahrenholz, Humboldt-Universität zu Berlin; Antaine Ó Faracháin; Róise Ní Bhaoill; foireann Thaisce Cheol Dúchais Éireann; Herr Dr Michael Willenbücher, Humboldt-Universität – Technische Abteilung.

Críostóir Mac Cárthaigh, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, as a chomhairle agus as ábhair thacaíochta.

Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, as cead a thabhairt dúinn úsáid a bhaint as an íomhá-mhapa d’Éirinn ó logainm.ie, Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Gabhaimid buíochas ar leith don Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Fiontar.

Ms Tina Maree agus a muintir a sholáthair grianghraf.

Jonathan Robinson agus Joanne Sweeney, Leabharlann na Breataine, a sholáthair cóipeanna forlíontacha d’fhoirmeacha Personalbogen.

Is mian leis an tionscadal buíochas a ghlacadh leis na daoine agus leis na hinstitiúidí seo a leanas as cuidiú le próiseas athmháistrithe Cheirníní Doegen ar dhlúthdhioscaí sna 1990í: An Chomhairle Oidhreachta, an tUasal Ted Kendall, an Dr Ciarán Ó Duibhín, an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha (OÉ Gaillimh), agus Marie Boran (Leabharlannaí na Sainbhailiúchán, Leabharlann Shéamais Uí Argadáin).

Gabhaimid buíochas freisin leo siúd go léir a bhain úsáid as an suíomh béite agus a chuaigh i dteagmháil linn le teachtaireachtaí buíochais, le moltaí maidir le bearnaí a líonadh sna trascríbhinní agus le heolas comhthéacsúil. Táimid buíoch díobh siúd a ghlac páirt i bpróiseas measúnaithe agus a rinne moltaí luachmhara i dtaca le cur i láthair na faisnéise.

Ar deireadh, cuimhnímid, le hómós agus buíochas, ar na cainteoirí agus orthu siúd go léir a raibh baint acu le bunscéim thaifeadta Doegen in Éirinn.