Eascaine Liam na Buile - Amhlaoibh Ó Loingsigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do dhein duine éigin gearán ar Liam na Buile go mbíodh bóín dhubh a bhí aige ag dul thar teorainn. Agus nuair a hinseadh dó é, seo mar a dúirt sé:

"Pé spiaire a dhein an gníomh
Go dian fé bhroid sa chill
Gur thriall an dubh
Ar riascaigh fhlich
A d'iarraidh suilt[1] ar mhoing
Iarraimse agus guím
Gan rian aige ina thaoibh
'Na dhiaidh a shliocht
Gan bia gan chuid
Gan chiall gan chion gan chrích."

Aistriúchán

Someone complained about Mad William that a little black cow of his used to go over the boundary (of his land). And when he was told about it, this is what he said:

"Whoever the spy who did it
In fast captivity in the churchyard (?)
That the Black Cow went
To the wet marsh
Seeking to enjoy the vegetation (?),
I ask and pray
That he have nothing on account of it
[And that] his descendents after him
[Be] without food or means
Without sense, without regard, without prospects."

Fonótaí

Leg. suilth? Cf. Seán agus Donncha Ó Cróinín, Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1980), 201. (Back)

Tráchtaireacht

Leagan giorraithe é seo d'fhinscéal agus de dhán atá le fáil in Dómhnall Bán Ó Céileachair, Sgéal mo bheatha (BÁC, 1940), 146. I leagan Uí Chéileachair, cuirtear an mhallacht ar thiarna talún a thug faoin bhfile Liam Ó Suibhne as ligean dá bhó dul ag innilt ar thalamh bánaithe. De réir an dlí, ba leis an tiarna talún talamh ar bith a bhí tréigthe. Is minic i dtraidisiún na hÉireann a fhaightear scéalta ina gcuireann filí mallacht orthu siúd a chaitheann go dona leo. Pléitear móitíf an fhile ag cur mallachta ar thiarna talún in Dáithí Ó hÓgáin, An file (BÁC, 1982), 353-5. Is féidir teacht uirthi freisin i gcomhthéacs an bhéaloidis a tháinig anuas mar gheall ar thiarnaí talún, dream ar annamh a fhaightear léiriú dearfach orthu. Cf. Séamas Mac Philib, 'Legends of Irish landlords in their international context', Béaloideas 62-3 (1994-5), 79-88.

Tá insint níos faide den sceál seo ón gcainteoir céanna le fáil in Seán agus Donncha Ó Cróinín, Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1980), 201-2.

Teideal i mBéarla: The curse of mad William
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 16:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 16:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1034d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1034d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:41 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1034d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1034d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.