An triúr iascairí - Diarmuid Mac Coitir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Uair éigin fadó do chónaigh triúr deartháir i ndeisceart Éireann le hais na farraige theas. Triúr iascairí dob ea an triúr so. Tadhg, Seán agus Dónall a n-ainmneacha. Níl a fhios agam cad í an sloinne do bhí orthu. Is cosmhail gur triúr d'fhearaibh bochta a bhí iarracht alltha an triúr so. Ní raibh aon eolas ar scríobh ná ar léamh acu. Ní raibh fiú an Teagasc Críostaí acu. Agus ní rabhadar riamh in aon scoil. Ní raibh d'eolas saoltha acu ach amháin go rabhadar ina mbádaeirí cumasacha tréana, agus go rabhadar go haicillí agus go cruinn chun na hiascaireachta. Ní raibh do shaibhreas saoltha acu ach aon bhád amháin agus fálthas líonta. Agus ní cóir an méid sin féin do mholadh, mar bhí an bád ag dreo agus ag dul i gcríonnacht. Is gnáthach go dtéadh an triúr amach gach lá ar an bhfarraige i bhfochair a chéile. Agus do bhí an saol ag éirí leo go hámharach ar feadh roinnt bhlianta.

Lá áirithe d'imigh an triúr agus chuadar amach ar an bhfarraige ag iascaireacht. Do bhí an lá go breá agus go ciúin agus go grianach, agus dá bhrí sin do chuadar i bhfad amach ins an uisce. Ní raibh ach na líonta leogtha síos acu nuair a tháinig gaoth. D'éirigh an ghaoth chun go raibh sí ina stoirm uafásaigh[1]. Thugadar iarracht ar theacht abhaile, ach theip san orthu mar is ón dtír do bhí an ghaoth ag teacht. Do bhíodar i gcruachás. Ní raibh a fhios acu cad ab fhearra dhóibh a dhéanamh. Fé dheireadh, dúirt duine acu gur mhaith an rud paidir a rá agus iarraidh ar Dhia iad do thabhairt slán. D'aontaigh an bheirt eile leis an méid sin. Ach ansan d'éirigh an cheist féachaint cé déarfadh an phaidir. Dúradar gan amhras gurbh é Tadhg mar gurbh é an fear ba shine é. Ó, do dhiúlthaigh Tadhg láithreach. Dúirt sé nár airigh sé féin riamh paidir ag teacht ó bhéal aon duine agus nár fhoghlaimigh sé paidir, agus conas (dh')fhéadfadh sé í a rá agus gan í aige.

Ansan d'iarradar ar Sheán, an tara fear, an phaidir do rá. Ó, do dhiúlthaigh Seán. "Airiú," arsa Seán, ar seisean, "níor chuireas aon tsuim riamh i nDia. Níor chuireas aon aithne air, agus níor chuir sé aon aithne orm ach chomh beag, agus níl fhios aige go bhfuilim ann in aon chor."

Ansan d'iarradar ar Dhónall, an fear ab óige, an phaidir a rá. Agus tar éis greas tathaint a dhéanamh air thosnaigh sé, agus seo mar dúirt sé an phaidir. D'ardaigh sé suas a dhá láimh go hard os cionn a chinn agus d'fhéach sé suas sna spéartha. "Ó, a Dhia agus a Thiarna an Domhain," ar seisean, "tabhair saor sinn! Tá sé anois bliain agus fiche ó dúrtsa an phaidir dheireanach agus ó iarras aon ní ort, agus geallaim ó chroí dhuit go mbeidh sé bliain agus fiche arís sara n-iarrfad aon ní eile ort ach tabhair saor ón dturas so sinn."

B'é toil an (tailimh) go dtánadar saor, mar is dócha go ndúirt Dónall an phaidir ó chroí. Sin a bhfuil ann.

Aistriúchán

Sometime long ago there lived three brothers in the south of Ireland by the southern sea. These three were fishermen. Tadhg, Seán and Dónall were their names. I don't know what their surname was. Evidently these three men were poor and somewhat wild. They had no knowledge of writing or reading. They didn't even know their Catechism. And they had never gone to school. The only worldly knowledge they had was that they were strong and able boatsmen, and that they were agile and skilful at fishing. The only worldly wealth they had was a single boat and a quantity of nets. And even that was nothing to boast of because the boat was decaying and getting old. The three of them usually went out to sea together every day. And they had good fortune in life for a few years.

One day the three set off and went fishing out to sea. The day was fine and calm and sunny, and so they went very far out on the water. They had only just cast their nets when a wind started up. The wind became stronger until it became a terrible storm. They made an attempt at coming home but this failed as the wind was offshore. They were in a fix. They did not know what they ought to do. Eventually, one of them said it would be good to say a prayer and to ask God to save them. The other two agreed with this, but then the question arose as to who would say the prayer. They said that it would be Tadhg of course as he was the eldest. Oh, but Tadhg refused immediately. He said he never heard a prayer from anyone's lips, and that he hadn't learned a prayer, and how could he say it if he didn't know it.

Then they asked Seán, the second man, to say the prayer. Oh, but Seán refused. "Ah," said Seán, he said, "I was never interested in God. I never got to know Him, and He never got to know me either, and He doesn't know that I exist at all."

Then they asked Dónall, the youngest man, to say the prayer. And after they had pressed him for a while he began, and this is how he said the prayer. He raised his two hands high above his head and he looked skywards. "O God and Lord of the World," he said, "save us! It is now twenty-one years since I last said a prayer and since I asked anything of you, and I promise with all my heart that it will be another twenty-one years before I ask anything else of you, but deliver us safely from this trip!"

It was the will of the land (?) that they return safely, as Dónall probably said the prayer from the heart. That's all there is.

Fonótaí

Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 487, maidir le fuaimniú an -f- anseo. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil go ndéanann an scéal seo cur síos ar mhóitíf lárnach, is é sin, an fharraige á ciúnú le paidir. Sa mhéid seo, tá cosúlacht áirithe aige le exempla ó na meánaoiseanna agus le roinnt móitífeanna idirnáisiúnta, ina measc V254.2 Ship in storm saved because of sailors’ Ave Maria, agus D2141.1 Storm magically stilled. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk Literature (Bloomington, Ind., 1955-8). Tá sé cosúil le exemplum #4649 Storm at sea, Virgin aids. Féach Frederic C. Tubach, Index exemplorum (Helsinki, 1981). Tá scéalta den chineál céanna le fáil i luathlitríocht na hÉireann, i gcomhthéacs eaglasta. Mar shampla, i mBeatha Cholm Cille tá sliocht ina bhfuil Naomh Cainneach ag guí chun Dé, agus ciúnaíonn Dia an fharraige gharbh. Féach Andrew Kelleher, 'Betha Coluimb Chille', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1915), 228-65: 263. I litríocht na Meánaoise tá cur síos ar eachtra den chineál céanna ina bhfuil Naomh Breandán ag guí le linn stoirme, agus ciúnaíonn an fharraige go míorúilteach. Féach Rudolf Thurneysen, 'Eine Variant der Brendan Legende', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1915), 408-20: 418. Tá leaganacha Críostaí den scéal béaloidis idirnáisiúnta ATU 973 Man as sacrifice to the storm, ina ndéanann fear a fhaoistin le linn stoirme amuigh ar an bhfarraige agus ciúnaíonn an aimsir dá bharr. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Seans go raibh tionchar ag a leithéid de scéal ar an scéal áirithe atá taifeadta anseo. Bhí a leithéid de scéal le fáil i dtaca le Naomh Mochta sa Mheánaois luath in Éirinn. Féach Charles Plummer, Vitae Sanctorum Hiberniae (London, 1910), 149. Ar deireadh, tá seans ann gur tháinig an mhóitíf faoi anáil an chuntais atá sa Bhíobla ar Íosa ag ciúnú na stoirme ar an bhfarraige (Marcas 4:35-40), cé nach féidir a bheith deimhneach faoi seo. Féach Robert Carroll agus Stephen Prickett, The Bible: authorised King James version (Oxford, 1998), 49.

Teideal i mBéarla: The three fishermen
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmuid Mac Coitir as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1038d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1038d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:15 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1038d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:11 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1038d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:11 nóiméad ar fad.