Bean an leasa - Conchúr Ó Síocháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

"A Chlíona, a Chlíona, a bhean bhinn bhéasaigh,
Go mbeannaí Dia dhuit agus go beannaím féin duit,
Mar is fada ó bhaile, ó, do thána ' t'éileamh.

"An tusa Mór óigh nó aonfhir
Nó an tú Clíona na Carraige Léithe?
Nó an tú an Chailleach riabhach ó iarthair Bhéarra?"

"Ó, ní mise éinne 'á ndúraís féinig
Ach is mé iníon chríonna Rí na Gréige,
Agus iníon na banríon' ó Bhóthéilean."

"Ó, dá bar[1] tú iníon chríonna Rí na Gréige
Nó iníon na banríon' ó Bhóthéilean,
Do bheadh banda an ríghruaig síos go féar ort
Agus fáinní óir ar nach aon mhéar leat."

Aistriúchán

"O Clíona, Clíona, sweet mannerly woman,
May God bless you and I greet you myself,
For I have come, oh, far from home to seek you.

"Are you Mór [who is] chaste or [who has but] one man
Or are you Clíona of the Grey Rock?
Or are you the grey hag from west Beara?"

"Oh, I am none of those you spoke of
But I am the eldest daughter of the King of Greece,
And the daughter of the queen from Bóthéilean."

"Oh, if you were the eldest daughter of the King of Greece
Or the daughter of the queen from Bóthéilean,
You would be wearing a band of beautiful hair down to the ground
And gold rings on all of your fingers."

Fonótaí

= dá (m)ba. (Back)

Tráchtaireacht

Baineann na liricí seo le hamhrán níos faide, 'Clíona agus Iníon Chaitlín Dubh' nó 'Eachtra Charraig Chlíodhna'. Tá sé seo bunaithe ar fhinscéal a raibh tóir air in iarthar na Mumhan. Tá leagan níos faide ón bhfaisnéiseoir seo, Conchúr Ó Síocháin, foilsithe in An Lóchrann (August, 1931), 3. Dar leis an Síochánach, d'fhuadaigh an bhean sí (Clíona nó 'Bean an Leasa') Seán 'ac(h) Séamuis agus theanntaigh sí é i lios sa cheantar agus bhí sé ar intinn aici é a phósadh. Fuair muintir na háite fios an scéil agus thit an crann ar bhean ón áit (iníon Chaitlín Dubh i bhformhór na leaganacha den bhfinscéal seo) Séamas a fhuascailt. Téann sé faoi dhéin na mná sí, atá ina luí faoi sholas na gréine ag cíoradh a cuid gruaige, agus saorann sí Séamus le barr glicis. Comhrá idir an bheirt bhan atá san amhrán. Tá staidéar ar an bhfinscéal seo a raibh tóir air in Iarthar Mumhan in Brian Ó Cuív, 'Deascán ó Chúige Mumhan', Béaloideas 22 (1953), 102-11.

Teideal i mBéarla: The woman of the liss
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Conchúr Ó Síocháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-09-1928 ag 11:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 04-09-1928 ag 11:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1040d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1040d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1040d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:59 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1040d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:59 nóiméad ar fad.