Pósadh an Phaoraigh - Séamas Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ar neoin inné sea chualas féin go raibh Seán Paor á phósadh
Le Cáit Ní Dhuibhir ó Bhaile Uí Ghlaisín, iníon Taidhgín na Feola.
Níor mheasas don scéal ach bladaireacht béal is níor chuireas aon spéis san ráfla
Mar cheapas nár bhaol go gcuirfeadh an saol fé cheangail na cléire Seán bocht.
Is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an ré-ró,
Is an raindí babh-rabha, ba scamall gan dabht bheith tamall ar phósadh an Phaoraigh.

Aistriúchán

It was yesterday afternoon that I heard that Seán Power was being wed
To Cáit Ní Dhuibhir of Ballyglassin, the daughter of Taidhgín na Feola.
And I thought the news was only idle talk and I didn't heed the chatter
Because I thought it was certain that poor Seán would never be tied by the clerical knot [of marriage].
And randy bow-row and randy bow-row and randy bow row and ray-row,
And randy bow-row, it sure was a wonder, the time spent at Power's wedding.

Tráchtaireacht

Foilsíodh leagan den amhrán seo in An Claisceadal 6 (1930idí?), 10-11. Cé go mbreathnaíonn sé nach bhfuil aithne ró-fhorleathan ar an amhrán anois tá an fonn an-choitianta agus tugtar 'Billy O'Rourke's the Buachaill' air go minic. D'fhoilsigh Breandán Breathnach an fonn mar 'An Bóthar ó Thuaidh go hÁrainn' in Ceol rince na hÉireann II (BÁC, 1976), 37. D'fhoilsigh P.W. Joyce 'The Fairies' Song' leis an bhfonn céanna in Irish music and song (BÁC, 1901), 21-22. Cantar 'Aonach Bhearna na Gaoithe', le Tomás 'na mBodhrán' Ó Móráin, leis an bhfonn céanna. Tá an fonn an-choitianta fós i measc filí agus liriceoirí an lae inniu agus baintear úsáid as go minic sa chomórtas lúibíní ag féile bhliantúil Oireachtas na Gaeilge. Casann Fionán Mac Coluim 'Beidh Ríl Againn' leis an bhfonn céanna áit eile i mbailiúchán Doegen. Aithrisíonn Séamus Breathnach an véarsa tosaigh agus an curfá ar an taifeadadh láithreach. Casann sé ceithre véarsa den amhrán ar thaifeadadh ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Power's marriage
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Breathnach as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:15:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:15:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1043d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1043d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1043d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:40 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1043d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:40 nóiméad ar fad.