An garsún bán - Mícheál Turraoin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

File ó chontae Phort Láirge é seo a bhíodh ag díol prátaí a dtugaidís wisers orthu. Agus tháinig file ó chontae Chorcaí chun iarracht a bhaint as 'na choinne ar an mbóthar. Agus shid[1] é mar a dúirt sé:

"An tusa an garsún bán ó Chom Seangán athá ag dul go hEochaill ag díol wisers?"

"Dhera, prátaí bána athá i mo mhálasa agus nín[2] aon fhios cá raghaidh siad."

"Bhfuil siad inniúil chun bídh, chun dí agus chun margaidh?"

"Thá siad gan criochán gan sciollán gan falcaire."

Aistriúchán

This was a poet from county Waterford who used to sell potatoes they called 'wisers'. And a poet from county Cork came up to him on the road to take a rise out of him. And this is how he spoke:

"Are you the white-haired boy from Coumshingaun who is going to Youghal selling wisers?"

"Yerra, the potatoes in my bag are white and it is not known where they will go."

"Are they fit for food, for drink and for market?"

"There isn't a small potato, a cut-off potato or a dried-up potato among them."

Fonótaí

= sid, siod. Féach Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 501. (Back)
= níl. Cf. Seán Ua Súilleabháin, op. cit., 533. (Back)

Tráchtaireacht

An scéal gairid agus an rann ag gabháil leis, is múnla é a théann i bhfad siar in Éirinn. Cumann duine leathrann agus críochnaíonn duine eile é. Gaireas coitianta é i scéalta ón ochtú agus ón naoú haois déag faoi fhilí agus faoi dhaoine cliste. Do shraith scéalta gaolmhara féach Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39. Tá sampla maith de chomórtas idir bheirt atá in iomarbhá rannaíochta lena chéile le fáil in Douglas Hyde, Abhráin grádh chúige Connacht (5ú heag., BÁC, 1909), 88-92.

Tá sé gaolmhar leis an móitíf P427.7.1 Extemporaneous composition by poets, in Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, Bloomington, Ind., 1955-8). Féach freisin Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature. (Bloomington, Ind., 1952).

Tá tras-scríbhinn den rian seo agus insint níos faide den scéal céanna le fáil in Máirtín Verling, Leabhar Mhaidhc Dháith (An Daingean, 2007), 503 agus 394.

Teideal i mBéarla: The fair-haired boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Turraoin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad.