An mac scaiptheach (cuid 2) - Tomás Ó Corcráin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

(...) an t-athair leis na seirbhísigh, "An chulaith éadaigh ab fhearr (...) cuir uimig é. Fáinne cuir[1] ar a láimh. Bróga ar a chosaibh. An gamhain ramhar a thabhairt isteach. É a mharú. Ithimist é agus bímis sóch. (...) An mac so do dh'imigh uaim, cailleadh é. Maraí-... Bhí marbh. Tá sé beo. Cailleadh é agus fuarthas é."

Bhí an mac ba shine amuigh ar an bpáirc agus tháini' sé chun an tí. D'airigh sé an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé ar cheann des na seirbhísigh.

Aistriúchán

The father said (?) to his servants, "Put the best suit of clothes (...) on him. Put a ring on his finger. Shoes on his feet. Bring in the fatted calf. Kill it. Let us eat it and be merry. This son who left me, he was lost. He was kill-... He was dead. He is alive. He was lost and is found."

The eldest son was out in the field and he came to the house. He heard the music and the dancing. He called one of the servants.

Fonótaí

Leg. a chu(i)r? (Back)

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) (mar aon le codanna 1 agus 3 ón gcainteoir céanna) bunaithe ar leagan a tugadh don chainteoir roimh ré. Féach Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Teideal i mBéarla: The prodigal son (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Corcráin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1052d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1052d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1052d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1052d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:12 nóiméad ar fad.