An mac scaiptheach (cuid 3) - Tomás Ó Corcráin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Dh'fhiafraigh sé dhe cheann des na seirbhísigh dé an ceol é seo.

Dúirt sé sin, "Tháinig do dheartháir abhaile. Agus mharaibh t'athair an gamhain ramhar dó de dheasca é theacht slán chuige."

Ghlac fearg é sin. Ní raghadh sé isteach. Tháinig an t-athair amach. Labhair sé leis. Dh'fhiafraigh sé dhe, "A mhic, dé chúis ná raghfá isteach agus do dheartháir a dh'fheiscint?"

Dh'fhreagair sé sin é - dh'fhreagair an mac é: "A athair," ar sé sin, "tá mise i t'fhochairse na blianta so go léir agus níor dhiúltaigh mé riamh d'aon ní a dhéanamh dhuit. Nach[1] an mac so a dh'imigh uait agus do chaith a chuid go léir ar striapachaibh, mharaigh tú an gamhain ramhar dó. Níor thug tú oiread le mionnán domhsa chun compord a dhéanamh idir[2] mé féin agus mo dhaoine muinteartha."

"A mhic," arsa an t-athair, "dh'fhanais i m'fhochair i gcónaí. Is leat a bhfuil agam. Is ait liom dé an chúis ná beadh áthas ort do dheartháir a dh'fheiscint nuair a bhí sé marbh. Tá sé beo. Chailleadh é agus fuaireadh é."

Aistriúchán

He asked one of the servants what this music was for.

He said, "Your brother came home. And your father killed the fatted calf for him because of his safe return to him."

He became angry. He would not go in. The father came out. He spoke to him. He asked him, "Son, why wouldn't you go in to see your brother?"

He answered him - the son answered him: "Father," he said, "I am with you all these years and I never refused to do anything for you. But this son who left you and who spent all his share on whores, you killed the fatted calf for him. You didn't give me so much as a kid goat so that I could make merry with my friends."

"Son," said the father, "you have stayed with me always. What is mine is yours. I find it strange that you would not be happy to see your brother when he has been dead. He is alive. He was lost and is found."

Fonótaí

= ach. (Back)
Leg. ideir? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 507. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) (mar aon le codanna 1 agus 2 ón gcainteoir céanna) bunaithe ar leagan a tugadh don chainteoir roimh ré. Féach Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Teideal i mBéarla: The prodigal son (part 3)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Corcráin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 18:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 18:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1053d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:32 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1053d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:32 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1053d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1053d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:30 nóiméad ar fad.