Thánaíos 'on bhaile seo aréir - Tomás Ó Corcráin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Thánaíos don bhaile seo aréir
Agus thugas (dá béilín póg),
Mise ar intinn ar mhargadh do dhéanamh
'S ná scarfainn léi féin go deo.
Níor tháinig a daidí chun réitigh -
Cár measa dom féin ná dhó?
Is mo chumha leat, beannacht, táim réidh leat
('S) ní chasfaidh mé féin go deo.

Beidh mise ag imeacht amáireach
'Gus (beannaigh le) cách mo shiúl.
Nín[1] ór buí agam le háireamh
'S ar uisce ní shnámhann mo long,
Mar is réic bocht (mé) a chuirfeadh chun suain thú
Is do bhainfinn den cháirt an cumhar
Is 'na dhiaidh súd cá bhfios nárbh fhearr mé
Ná fear eile agus barr na Mumhan.

Aistriúchán

I came to this place last night
And I gave her little mouth a kiss (?),
With a mind to making a bargain
And that I wouldn't ever part from her.
Her daddy would not agree -
Was it worse for myself than for him?
And my sorrow goes with you, farewell, I'm finished with you
And I will never return.

I will be leaving tomorrow,
And wish everyone my parting farewell (?).
I have no yellow gold to count,
And my ship floats not on water,
For I am a poor rake who would bring you to bed
And I would take the foam off the quart
But yet who knows if I wouldn't be better
Than any other man, even the best of Munster.

Fonótaí

= níl. (Back)

Tráchtaireacht

Véarsaí iad seo ón amhrán 'Cití na gCumann', atá coitianta i gcontae Phort Láirge agus in áiteanna eile i ndeisceart na Mumhan. Tá cur síos ann ar an bhfáilte dhoicheallach a chuirtear roimh an bhfile nuair a iarrann sé cead ar mhuintir a ghrá ghil í a phósadh. I leaganacha áirithe tá ráflaí cloiste cheana féin ag a muintir mar gheall ar a chuid cliúsaíochta le mná óga eile. I leaganacha eile ní éiríonn leo margadh a dhéanamh mar gheall ar an spré. Déanann an file iarracht ansin tabhairt ar an gcailín éalú leis agus fiú Éire a fhágáil.

D'fhoilsigh an tAthair Pádraig Breathnach leagan in Ár gceól féinig (BÁC, 1920), 150-1. Thaifead Alan Lomax agus Séamus Ennis Máire Ní Shúilleabháin, Béal Átha Leice, contae Chorcaí, agus leagan den amhrán seo á chanadh aici i 1951, agus chuir siad síos air mar 'one of the finest Irish songs in the narrative ballad style'. Féach nótaí línéir le Alan Lomax (eag.), World library of folk and primitive music: Vol. II: Ireland (Rounder Records, 1998). Canann Labhrás Ó Cadhla, a bhfuil ábhar dá chuid i mbailiúchán Doegen freisin, 'Cití na gCumann' ar Amhráin ó Shliabh gCua: sean-nós singing from county Waterford (RTÉ, 2000). Tá leagan Uí Chadhla tras-scríofa in Dáithí Ó hÓgáin (ed.), Binneas thar meon: a collection of songs and airs made by Liam de Noraidh in east Munster (BÁC, 1994), 124-5. Do leaganacha foilsithe eile agus eolas breise féach: Nioclás Tóibín, Duanaire Déiseach (BÁC, 1978), 100-1; An Roinn Oideachais, Cuisle an cheoil (BÁC, 1976), 110-11; Nóirín Ní Riain, Stór amhrán (Corcaigh agus BÁC, 1988) 24-5; agus Brian O'Rourke, Blas meala (An Charraig Dhubh, Co. BhÁC, 1985), 85-92. Ar na hamhráin eile a chantar leis an bhfonn céanna tá 'An Sean-Aonarán' (féach Pádraig Ó Miléadha, Duanta andeas (BÁC, 1934), 39-40) agus 'Ag Taisteal na Slí Dhom' (féach Dáithí Ó hÓgáin, op. cit., 137-9).

Teideal i mBéarla: I came to this town last night
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Corcráin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 18:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 18:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1053d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1053d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1053d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1053d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad.