Ag bun Ros na Coille - Diarmaid Ó Luineacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ag bun Ros na Coille ar thitim don drúcht aréir
Do dhearcas ainnirbhean mhaiseamhail mhodhúil deas shéimh
Do ritheas 'na coinnibh le taitneamh agus grá dá scéimh
Sé dúirt sí, "(Airiú, a dhuine), (...) mé?"

D'fhiosraíos den ainnirbhean mhaiseamhail mhodhúil deas shéimh,
"An maireann do (dhuine) nó ar mhiste leat gabháil liom féin?"
D'fhreagair sí go gliste gur milis dom chomhrá béil
Go gcaithfinnse imirt i gcluiche (na gcárta) léi.

Do luíomair ar imirt, (is ní ligeadh liom áireamh) léi
An t-aon mar a chuireann, mar a chuirinn leis an gcuireata (...)
Do bhuaigh sise an cluiche, is milis a dúrtsa léi
Ní hamhail duit mise ó chailleas-sa (lúth na ngéag).

A shéimhfhir gan tsealbh ná tagair sin liom go fóill
Ach tar liom abhaile, gheobhair beathuisce agus fíon ag bord
(Léas ar tí leatharainn), taitneamh gan chíos go deo
(In aon) (...) caite, airiú, geallaim arís (...).

Aistriúchán

At the foot of Rossnakilla when the dew was falling last night
I saw a nice beautiful mild gentle maiden
I ran towards her with fondness and love for her appearance
What she said was, "So, my good man (?), (...)."

I asked of the nice beautiful mild gentle maiden,
"Does your man(?) live or would you take up with me?"
She answered cleverly that my conversation was sweet
That I would have to play a game of cards(?) with her.

We started playing, she wouldn't let me count with her (?)
The ace as is placed... as I placed it with the jack(...)
She won the game, and I told her sweetly
I'm no use to you (?) since I lost the use of my limbs (?).

Gentle man without possessions don't mention that to me yet
But come home with me, you will get whiskey and wine at the table
A lease on half a house (?), enjoyment without burden forever
In one (...) spent, oh, I promise again (...).

Tráchtaireacht

D'fhoilsigh Pádraig Breathnach an t-amhrán atá á aithris anseo in Fuínn na Smól, Cuid 6 (BÁC, 1913), 5, agus in Ceól ár sínsear (BÁC, 1923), 28-9. Ceithre véarsa a chuir sé i gcló, in éineacht le nodaireacht sólfá tonach den fhonn. Tá sé curtha ar fáil i bhfoilseacháin eile ó shin, agus luann cuid acu Breathnach mar fhoinse. Mar shampla: Carl Hardebeck, Amhráin na h-óige, Cuid 2 (BÁC, 1927-9), 11-12, agus An Roinn Oideachais, Cuisle an cheoil (BÁC, 1976), 66-7. Tá gabháil sean-nóis de le Máire Ní Cheocháin Uí Chrualaoi as Cúil Aodha, contae Chorcaí, ar fáil ar Cú-cú-ín (Acadamh Fodhla, 2006). Casann Éilís Ní Shúilleabháin freisin é ar Amhráin rithimiúla (Comhaltas Ceoltóirí Éireann, 1991).

Teideal i mBéarla: At the foot of Rossnakilla
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmaid Ó Luineacháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:35:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:35:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1057d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1057d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:43 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1057d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1057d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:41 nóiméad ar fad.