Ceo draíochta - Diarmaid Ó Luineacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ceo draíochta sheol oíche (g) ar fán mé
Ar mín-tseamair do tharlag chun suain
I gcoillthibh... 'Om shíorchasadh i gcoillthibh gan áitreabh
Chun go draoi-loch na Blarnan do chuas.
Do shuíos-sa cois crainn go raibh bláth air
Taoibh liom gur tháini' sí suas
An ríg-bhruinneal mhíonla ba bhreátha
Dár shíolraigh ó Adam anuas.

Aistriúchán

A magic mist sent me one night astray
On smooth clover I happened to fall asleep
In forests... Turning around endlessly in forests with no abode
To the magic lake of Blarney I went.
I sat by a tree that was in flower
Until she came up by my side
The most beautiful mild regal maiden
Of all who descended from Adam.

Tráchtaireacht

Is cuid d'aisling é seo a chum an file Muimhneach Pádraig (mac Ghearóid) Ó hIarfhlaithe sa bhliain 1744 de réir an Athar Pádraig Breathnach in Sídh-cheól: cuid a dó (BÁC, 1926), 157-9. Le haghaidh plé ar an amhrán agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar 'Úirchill an Chreagáin' le hArt Mac Cumhaigh féach Diarmuid Ó Muirithe, Cois an Ghaorthaidh: filíocht ó Mhúscraí 1700-1840 (BÁC, 1987), 48-50. Tá na hocht véarsaí ar fad den amhrán le fáil sa leabhar seo. Le haghaidh struchtúr an fhoinn féach George Petrie, The Petrie collection of the ancient music of Ireland (BÁC, 1882; eag. nua David Cooper, Corcaigh, 2002), 252-4. D'fhoilsigh Petrie véarsa amháin den amhrán mar aon le trascríobh ceoil a fuair sé ó P.W. Joyce (1827-1914), a bhí tar éis an t-amhrán a bhailiú in 1853 ó Alice Kenny as an nGleann Rua, contae Luimnigh. D'fhoilsigh Joyce an fonn in Ancient Irish music (1873), 42, áit a gcuireann sé síos air mar 'one of those Jacobite allegorical compositions that were so common in Ireland [in the early eighteenth century]'. Bailíodh an t-amhrán freisin ón amhránaí traidisiúnta Elizabeth Cronin (1879-1956) as Baile Bhuirne, ar de shliocht an fhile Pádraig (mac Ghearóid) Ó hIarfhlaithe í. Féach Dáibhí Ó Cróinín, The songs of Elizabeth Cronin, Irish traditional singer (BÁC agus Portland, 2000) le haghaidh a leagain siúd de. Tá leaganacha eile le fáil in: Pádraig Breathnach, Ceól ár sínsear (BÁC, 1923); idem, Fuínn na smól (BÁC, 1913); agus An Gaodhal (Feabhra 1903).

Tá amhrán eile ann dar teideal 'Ceo Draíochta' a chum Eoghan Rua Ó Súilleabháin. Féach Pádraig Ua Duinnín, Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin (BÁC, 1901), 23, agus Irisleabhar na Gaedhilge 14 (Meitheamh 1904), 570-1. Áitíonn Ó Muirithe in Cois an Ghaorthaidh go raibh dán Phádraig Uí Iarfhlaithe ann roimh dhán Eoghain Rua.

Teideal i mBéarla: A magic mist
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmaid Ó Luineacháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1058d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:31 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1058d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:31 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1058d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:29 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1058d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:29 nóiméad ar fad.