An capall sa bhféith - Séamas Ó Conchúir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

An ceathrú lá dho July an bhliain seo bhí aonach i gCill Airne. Agus bhí mo mhac ar an aonach. Agus bhí a chapall i bhféith báite sa bhaile. Bhí na comharsain go léir ar an aonach ach amháin beagán. Agus ní raibh aon chúnamh agam chun é a thabhairt saor as an bhféith báite ach amháin beirt dos na comharsain.

Agus bhíomair ar ár ndícheall agus tréis beagán aimsire tháinig triúr eile chughainn. Agus cheapas go ndéanfainn an talamh slán, ó... (má d'fhéadfainn é,) timpeall ar an gcapall agus dá bhfaighinn ag seasamh é go bhféadfainn é a chimeád ann go mbeadh an chuid eile dhon chiseach déanta.

Ach d'fhan sé sínte mar a bhí sé go raibh an chuid go léir don chiseach déanta agus do chuireas-sa srian ar a cheann agus do léim sé in airde chugham agus do shiúil sé amach ar an dtalamh slán, chomh slán is chomh folláin is a bhí sé aon lá riamh, gan aon rud ná rian d'aon ní air agus bhíos ana-bhaoch do Dhia agus na comharsain é a thabhairt slán folláin go mórmhór nuair ná raibh mo mhac sa bhaile.

Ach tháini' sé féin agus cúigear nó seisear buachaillí eile san am céanna (go raibh sé) ar an dtalamh tirim. Agus bhíomar go léir baoch do Dhia agus na comharsain gach aon ní a bheith slán againn.

Aistriúchán

On the fourth day of July this year there was a fair in Killarney. And my son was at the fair. And his horse was in a quagmire at home. All the neighbours except a few were at the fair. I had no help to save him from the quagmire except two neighbours.

And we were doing our best and after a small while three more came to us. And I thought that I would make the ground safe, oh... if I could, around the horse and that if I could get him standing I could keep him there until the rest of the wattle-pathway was finished.

But he stayed lying as he was until all of the pathway was done and I put a bridle on his head and he jumped up to me and out he walked onto the dry land, as safe and as healthy as he was any day, without anything or a mark of anything on him and I was very grateful to God and the neighbours who rescued him safely especially when my son was not at home.

But he came with five or six other boys during the time that he was on dry land. And we were all grateful to God and to the neighbours that we had saved everything.

Tráchtaireacht

Seo scéilín pearsanta mar gheall ar dhaoine ag teacht i gcabhair ar chapall agus is cosúil gur beag an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh an bhéaloidis de.

Teideal i mBéarla: The horse in the morass
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Conchúir as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 09:10:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 09:10:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1061d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1061d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:06 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1061d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1061d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad.