Comhairle Uilig Uí Chéirín - Tomás Breathnach (c.1839-?)


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Seo amhrán a cheap Uileag Ó Céirín, fíodóir a chónaigh in aice Oileán Chiarraí. Agus bhí aithne agam féin air nuair a bhíos im gharsún. Do thug sé comhairle dho mhuintir Uí (...) Brosnachánaigh is do mhuintir Chonchúir. Agus, em, dúirt sé:

(Is brónach dubhach atuirseach) danaid an scéal é
Le sealad de laethaibh in aigne bróin
Comharsain is caraid in earraid le chéile
Agus ná feadar (don tsaol) cad é ábhar an ghleoidh.

Mo dhóchas má thagaid chun catha lá an aonaigh
Beidh cuid acu (trialltha) gan taca ná treoir
Agus an chuid acu a mhairfidh fé (leabairt 'na) chéile
(...) caithfidh siad géilleadh go mb'fhearr ligean dóibh.

Mo chomhairle tógaig is glacaig an réiteach
'S an t-achrann céanna ná leanaig níos mó
Tógaig an teagasc ar mhaithe libh féinig
Agus maithig 'á chéile a bhfuil imithe fós.

Mo dhóchas má thagaid chun catha lá an aonaigh
Beidh cuid acu (trialltha) gan tapa ná treoir
Agus an chuid acu a mhairfidh faoi ainnis an tsaoil
(Go gcaithid...) admhaíd féin go mb'fhearr ligean dóibh.

Comhrac na cloiche ná stoptar ó éinne
('á) dtig in úr ndiaidh (nó a) bhfuil imithe romhaibh
Agus gan (feoirling dá shochar) 'na dho(i)rn ag éinne
Cé deocair libh géilleadh go mb'fhearr ligean dóibh.

Aistriúchán

This is a song composed by Uileag Ó Céirín, a weaver who lived near Castleisland. And I knew him myself when I was a boy. He gave advice to the Brosnan and O'Connor families. And he said:

It's a sad sorrowful weary (?) regretful story
For a good few days in an attitude of sorrow
Neighbours and friends in disagreement with each other
And that no one (?) knows the cause of the dispute.

My hope if they come to fight on the day of the fair
Some of them will have come(?) without support or guidance
And those of them who survive thrashing(?) each other
(...) they will have to concede it is better to leave each other be.

Take my advice and accept the solution
And don't keep up that strife anymore
Take the instruction for your own sakes
And forgive one another what has already happened.

My hope if they come to fight on the day of the fair
Some of them will have come(?) without support or guidance
And those of them who survive the misery of life (?)
(That they must...) admit it's better to let others be.

No one will be stopped from fighting with stones
None of those who will come after you or who (?) went before you
And without a farthing of profit (?) in anyone's possession
Although it's hard for you to concede that's it's better to leave things be.

Tráchtaireacht

Ba é Uileog Ó Céirín (1791-1863) as Oileán Ciarraí, contae Chiarraí, a chum an dán seo le comhairle a chur ar bhaill de chlann Uí Chonchúir agus de chlann Uí Bhrosnacháin a bhí i mbun achrainn lena chéile agus a bhí tar éis ag troid i gcíréibeacha foréigneacha ag aontaí agus ag cruinnithe eile sa dúiche. Bhí aithne ag an amhránaí seo, Tomás Breathnach, arbh as Oileán Ciarraí dó freisin, ar Uileog Ó Céirín luath ina óige. Bhí Tomás ina fhaisnéiseoir do Choimisiún Béaloideasa Éireann freisin. Sholáthraigh sé leagan den dán seo do Thadhg Ó Céin, Scoil Oileán Ciarraí, atá le fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (an Coláiste Ollscoile, BÁC), Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol, LS 419. Cé gurb é Tomás Breathnach an foinse don dá leagan araon, ní fhreagraíonn na véarsaí ar fad lena chéile. Le haghaidh cuntais ar Uileog Ó Céirín, féach Éamonn Ó Braoin, 'Bard an Oileáin: Uileog Ó Céirín (1791-1863)', The Kerry Magazine (2009), 10, áit a bhfuil leagan Bhailiúchán na Scol den dán i gcló.

Teideal i mBéarla: The advice of Uileag Ó Céirín
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Breathnach as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 16:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 16:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1064d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1064d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1064d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1064d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad.