Ar maidin Déardaoin - Pádraig Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ar maidin Déardaoin dom is mé sínte ar mo leabaidh
Sea do chualasa an duain úd go huaigneach dá casadh
Ó, do phreabas im léine is do (...) (dom hata)
Is do smaoiníos im chroí istigh go rabhais sínte ins an chaise.

Is a chomrádaí dhil (d'éis) (...)
An fharraige throm uaigneach anuas ort (...)
Óir dá mbeinnse fén taoille is (...) (báite)
(Nó) go dtabharfainnse saor tú ón (tréanmhuir an lá úd).

Aistriúchán

On Thursday morning while lying on my bed
I heard that song being lonesomely sung
Oh, I jumped into my shirt and I (...) my hat(?)
And I thought in my heart that you were lying in the current.

And my faithful companion after(?) (...)
The sad lonely sea on top of you (...)
For if I was under the tide and (...)
Or(?) that I would save you from the perilous sea that day (?).

Teideal i mBéarla: On Thursday morning
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ceallaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:40 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:40 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:38 nóiméad ar fad.