Maidean aoibhinn uaibhreach - Pádraig Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, agus maidean aoibhinn uaibhreach ar bruach na toinne i gcois na trá,
Ó, mo ghadhar agam go huasal ag gluaiseacht is mo ghunna im láimh,
Ansúd a chonac an stuaire na gruaige gile finne breá,
Agus abhar binse buainte aici don luachair ab fhearr (a bhí) le fáil.

Aistriúchán

Oh, and one beautiful lonely morning on the edge of the sea near the shore,
Oh, with my noble dog alongside and my gun in my hand,
There I saw a beautiful woman with lovely bright fair hair
And she had gathered the makings of a little bunch of the best rushes to be found.

Tráchtaireacht

Is véarsa é seo ón amhrán 'An Binsín Luachra', a bhfuil leaganacha de le fáil ar fud chúige Mumhan agus chúige Chonnacht. Buaileann fear óg le hógbhean álainn atá ag baint luachra, ábhar a bhíodh in úsáid go traidisiúnta le haghaidh leapacha. Déanann sé iarracht í a chealgadh le geallúintí éagsúla agus sna véarsaí deireanacha de leaganacha áirithe tugann an ógbhean achasán dó mar gheall ar an trioblóid a chruthaíonn sé di. Cumadh é roimh dheireadh an 18ú haois mar tá leagan den amhrán seo le fáil i lámhscríbhinní Bunting. Féach Colette Moloney, The Irish music manuscripts of Edward Bunting 1773-1843: an introduction and catalogue (BÁC, 2000), uimh. 202, 242. Tá leagan den amhrán le fáil freisin in Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin Chlainne Gaedheal (BÁC, 1906). Féach eagrán nua le William Mahon: Amhráin Chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 88-9. Le haghaidh plé ar na nósanna a bhaineann le baint luachra agus ar an amhrán seo, féach Máighréad Ní Annagáin agus Séamus de Chlanndiolúin, Londubh an Chairn (Oxford, 1927), uimh. 8, 6-7. Bhailigh Liam de Noraidh leagan eile den amhrán ó Mhícheál de Lóndra, Lios Mór agus Maigh Cholpa, contae Phort Láirge, a bhfuil a véarsa tosaigh cosúil leis an gceann a chasann Ó Ceallaigh ar an taifeadadh seo. Féach Ceol ón Mumhain (BÁC, 1965), 55. Casann Anna Feely (contae Liatroma) leagan den amhrán seo ar rian eile i mbailiúchán Doegen. Baintear úsáid as fonn dar teideal 'An Binsín Luachra' le haghaidh go leor amhrán eile, mar shampla: 'Return of King Charles / Filleadh Rí Séarluis' (féach John Ó Riordáin, A tragic troubadour: life and collected works of folklorist, poet and translator Edward Walsh 1805-1850 (Luimneach, 2005), 643); 'The New Bunch of Loughero' (féach Georges Denis Zimmermann, Songs of Irish rebellion: Irish political street ballads and rebel songs 1780-1900 (BÁC, 1966), 188-9, 191-2); agus dán le hEoghan Ruadh Ó Súilleabháin, 'Im aonar seal ag siubhal bhíos' (féach Pádraig Ua Duinnín, Amhráin Eoghan Ruaidh Uí Shúilleabháin (BÁC, 1901), 20-2). Tá leaganacha den fhonn seo le fáil in: Edward Bunting, A general collection of the ancient music of Ireland (BÁC, 1809), 39; Hugh Shields (eag.), Tunes of the Munster pipers: Irish traditional music from the James Goodman manuscripts Vol. 1 (BÁC, 1998), 17, 201; agus Arthur Darley agus P.J. McCall, Feis Ceoil. Collection of Irish airs [The Darley and McCall collection of traditional Irish music] (BÁC, 1914), 24. Tá sé le fáil go coitianta mar fhonn mall ar uirlisí ceoil agus seinneann an píobaire uilleann Séamus Ennis leagan de ar The bonnie bunch of roses (Ossian LP, 1970).

Teideal i mBéarla: One fine pleasant morning
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ceallaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:48 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:48 nóiméad ar fad.