An tÁivé Máiria - Seán Ó Conaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire,
'Tá lán do ghrástaibh.
Tá an Tiarna i t'fhochair.
Is beannaithe idir mhnáibh tú,
Agus 's beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
NaomhMhuire bheannaithe, a Mháthair Dé,
Guigh orainn anois
Agus uair ár mbáis.
Amen.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo den Áivé Máiria á rá. Tá cúig shampla den phaidir seo le fáil i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht na paidire seo rianta ag Cathal Ó Háinle in alt dar teideal 'Stair an Áivé Máiria sa Ghaeilge anuas go dtí circa 1900', Béaloideas 79 (2011), 113-134.

Teideal i mBéarla: The Ave Maria
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Conaill as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 16:00:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 16:00:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1070d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1070d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1070d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1070d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad.