An mac scaiptheach (cuid 1) - Pádraig Ó Sé


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí fear ann agus do bhí beirt mhac aige. Dúirt an mac ab óige lena athair lá, "A athair, tabhair domhsa gach a bhfuil ag teacht chugham dod chuid." Do riar an t-athair eatarthu é. Agus i gcionn beagán laethanta ina dhiaidh san d'imigh an mac ab óige agus bhailigh sé a chuid féin le chéile agus chuaigh sé go dúthaigh eile i bhfad thar lear. Agus do scaip sé a chuid go fial agus go rabairneach.

Nuair a bhí deireadh caite aige do tháinig mórghorta insa tír agus thosnaigh sé ar bheith in easpa. Chuaigh sé ag triall ar dhuine dhos na fearaibh den tír agus do réitigh sé leis. Chuir eisean amach é ag cothú muc. Agus ba mhaith leis cuid des sna féithleoga a bhí aigesna muca d'ithe. Do mhachnaimh sé ina aigne agus dúirt sé leis féin, Is mó seirbhíseach tuarastail athá i dtigh mh'athar á chothú le arán agus mise anso fé fhuacht agus ocras orm. Éireod suas agus raghaidh mé ag triall ar mh'athair agus déarfaidh mé leis, "A Athair, tá peaca déanta agamsa i gcoinnibh na bhflaitheas agus os comhair Dé. Tóg mé mar dhuine dhod sheirbhísigh."

D'éirigh sé suas agus tháinig sé ag triall ar a athair. Do chonaic an t-athair é ag teacht. Do rith sé ina choinnibh agus bheir sé barróg timpeall a mhuiníl agus phóg sé é. Dúirt sé le seiri-... Dúirt an mac, "A athair, tá peaca déanta agamsa i gcoinnibh na bhflaitheas agus (os do) chomhairse. Ní fiú (dhuit mé) feasta mé a ghlaoch do mhac."

Dúirt an t-athair, "Tabhair chugham go mear an chulaith éadaigh is fearr. Cuirfimid air é. Cuirfimid fáinne ar a mhéar agus cuirfimid bróga ar a chosaibh. Tabhair i leith an gamhain ramhar agus maróimid é. Agus íosfaimid é go sóch. Agus... mar do bhí mo mhac marbh... do... agus do tháinig sé ina bheathaidh. Do cailleadh é agus do fuarthas é."

Do bhí... D'itheadar béile bhreá shóch. Agus bhí an mac críonna a bhí am-... lasm(ach) sa pháirc, tháinig sé im thráthnóna chun an tí agus do chuala sé an ceol agus an rince. D'fhiafraigh sé do dhuine dhos na seirbhísigh gad é an bhrí a bhí leis seo.

"Do dheartháir a tháinig abhaile agus do mharaibh t'athair an gamhain ramhar dó. Agus d'itheadar béile phléisiúrtha i bhfochair a chéile."

Do tháinig feirg air agus ní raghadh sé isteach. Do tháinig a athair amach agus bhí sé tathant air teacht isteach. Agus dúirt sé, "A athair, "Táimse in aonacht leatsa an fhaid seo blianta[1] agus níor bhriseas riamh na haitheanta. Agus níor thugais-se fiú an mhionnáin dom a dhéanfadh mé sóch lem chairde. Do mhac a tháinig abhaile tar éis a choda do chaitheamh le sprionlóga, mhara(ís) tusa na[2] gamhain ramhar agus (...)."

Aistriúchán

There was a man and he had two sons. The youngest man said to his father one day, "Father, give me what is due to me of the inheritance." The father divided it between them. And a few days after that the younger son went and gathered together his possessions and he went to another land far away overseas. And he spent his wealth generously and extravagantly.

When he had spent everything there arose a great famine in the country and he began to be in want. He went to see one of the men of the country and he made an arrangement with him. He sent him out feeding pigs. And he wanted to eat some of the pigs' pods. He thought to himself and said to himself, there are many paid servants in my father's house eating bread and I am here cold and hungry. I will get up and go see my father and I will say to him, "Father, I have sinned against heaven and in front of God. Take me as one of your servants."

He got up and came to see his father. The father saw him coming. He ran towards him and he hugged him around the neck and he kissed him. He told a serv-... The son said, "Father, I have sinned against heaven and before you. I am no longer worthy of being called your son."

The father said, "Bring to me quickly the best suit. We will put it on him. We will put a ring on his finger and we will put shoes on his feet. Bring over the fatted calf and we will kill it. And we will eat it happily. And... because my son was dead... he... and he came to life. He was lost and he was found."

There was... They ate a fine satisfying meal. And the elder son who was out in the field, he came in the evening to the house and he heard the music and dance. He asked one of the servants what the meaning of all this was.

"Your brother came home and your father killed the fatted calf for him. And they ate an enjoyable meal together."

He became angry and he wouldn't go in. His father came out and pleaded with him to come in. And he said, "Father, I am with you all these years and I never broke the commandments. And you never even gave me a kid-goat that I could enjoy with my friends. Your son who came home after spending all he had on worthless things, you killed the fatted calf and (...)."

Fonótaí

Leg. seo ’ bhlianta? (Back)
Recte an. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) (mar aon le cuid 2 ón gcainteoir céanna) bunaithe ar leagan a tugadh don chainteoir roimh ré. Féach Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Teideal i mBéarla: The prodigal son (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Sé as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 11:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 11:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1075d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1075d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:10 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1075d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1075d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad.