An tabharthas a thug Feoras go hOileán Baoi - Mícheál Ó Laoghaire


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá Oileán Baoi ar an dtaobh thiar theas do chalaithe Bhéarra agus d'imigh siad (...) le hiascach. Agus do thógadar (...) lán d'iasc go dtí Neidín chun é dhíol.

Agus ar a ndul thar n-ais dóibh do bhí mada rua ina luí marbh ar an dtráigh mar ba dhóigh leo. Agus do bheir ceann dos na fir ar an mada rua leis an... den eireaball agus do chaith sé isteach sa bhád é mar go gcífidís go raibh sé marbh. "Déanfaidh so caipín maith dhom," ar seisean.

Dh'iomraíodar leo go ndeaghadar abhaile don oileán agus do caitheadh an mada rua amach ar an dtráigh. Agus d'imigh siad suas chun an chnoic leo. Do tháinig (...) (chosa snámha) orthu.

D'imíodar abhaile agus ar maidin ámáireach do bhí leath na ngéitheach agus na lachan agus na gcearca dhá raibh san oileán marbh tairigthe cois clathach agus tríd an gcnoc go ndeaghadar sa chladraigh ar bhruach linn na faille.

Ach nuair a lean na gadhair an mada rua an lá a bhí chútha d'imigh sé agus do bheir sé ar shlait do bhí os cionn na cladraí agus do leog sé é féin síos sa chladraigh leis an slait. Agus do caitheadh na gadhair síos le faill na farraige agus maraíodh a leath.

Do chuadar abhaile agus do niseadar a scéal agus an oíche a bhí chútha do deineadh an léirscrios naofa céanna ar na lachain do bhí fágtha agus ar na géithibh. Agus dúirt seanduine a bhí san oileán é a fhágaint leis féin agus dúirt sé an tslat do ghearradh aigeá[1] bun. Agus nuair a (chloitheadar) an mada rua an lá a bhí chútha do bheir sé ar bharra na slaite agus do cuireadh (in) líontachaibh síos i measc na ngadhar a bhí marbh leis an bhfaill é.

Aistriúchán

Dursey Island is to the southwest of the harbour of Kenmare and they went (...) fishing. And they took (...) full of fish to Kenmare to sell.

And when they returned there was a fox lying dead on the beach or so they thought. And one of the men caught the fox with the... by the tail and he threw him into the boat so that they would see that he was dead. "This will make a good cap for me," he said.

They rowed on until they came home to the island and the fox was thrown out onto the beach. And they went off up the hill. (...) came on them.

They went home and the next morning half the geese and ducks and hens that were on the island were dead dragged along walls and through the hill down to the stony beach at the edge of the cliff pool.

But when the dogs followed the fox the next day he went and got hold of a branch that was above the stony beach and he let himself down onto the stony beach with the rod. And the dogs leaped down the sea-cliff and half of them were killed.

They went home and told their story and the coming night the same holy devastation was visited upon the remaining ducks and the geese. And an old man who was on the island said to leave him alone and to cut the bottom of the branch. And when they heard(?) the fox the next day he caught the top of the branch and he fell away from them (?) down the cliff in amongst the dead dogs.

Fonótaí

= ag a. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 504. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an madra rua ar cheann de na pearsana is suntasaí sa bhéaloideas, agus is mó is amhlaidh fós sna scéalta idirnáisiúnta béaloidis. Tá an mhóitíf k341.2 Thief shams death and steals, in Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8) sa scéal seo. Is cosúil go bhfuil sé bunaithe ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, is é sin le rá ATU 1 The theft of fish, ina ligeann an madra rua air go bhfuil sé marbh agus go gcaitear ar chairt é óna sciobann sé iasc ansin. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki 2004). Tá mórán samplaí de seo againn as Éirinn, as gach cearn den tír. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The gift that Pierce brought to Dursey Island
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó Laoghaire as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 13:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 13:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1078d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1078d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1078d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1078d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad.