Paidir an Tiarna - Séamas Ó Scolaí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ár nAthair atá ar neamh,
Is ' naomhaíthear th'ainm.
Go dtige do ríocht.
Go ndéantar do thoil agus do réir
Ar an dtalamh mar a déantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu.
Maith dhúinn ár gcionta
Mar a mhaithimid do chách do chiontaíos inár n-aghaidh
Ná léig sinn i gcathuíbh,
Ach saor sinn ós gach uile bhaol.
Amen.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de Phaidir an Tiarna á rá. Tá cúig shampla den phaidir seo i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht Phaidir an Tiarna sa Ghaeilge rianta i sraith de thrí alt le Cathal G. Ó Háinle: 'The Pater noster in Irish: the pre-Reformation period', Celtica 21 (1990), 470-88; 'The Pater Noster in Irish: Reformation texts to c. 1650', Celtica 22 (1991), 145-64; 'An Phaidir: Ó Maolchonaire agus Ó hEodhasa', Celtica 24 (2003), 239-51.

Teideal i mBéarla: The Lord's prayer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Scolaí as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1079d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1079d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:21 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1079d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:19 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1079d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:19 nóiméad ar fad.