Murchadh agus Maonas - Séamas Ó Scolaí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí rí fadó in Éirinn agus sé an áit gur chónaigh sé i dTír Eoghain i gCúige Uladh. Agus sé an ainm a bhí air Maonas Ó Ruairc. Agus san am céanna do bhí rí eile i gCúig' na Mumhan agus is é an ainm a bhí air sin Murchadh Ó Conaill.

Dúirt Murchadh Ó Conaill go dtabharfadh sé cuireadh dinnéir do Mhaonas Ó Ruairc agus dá sheirbhíseachaibh. Agus do cheap sé lá dhóibh ansan. Do thánadar an lá do cheap sé é. Agus do bhí rí Chúig' na Mumhan agus a sheirbhísigh ullamh rompu. Thugadar isteach iad go seomraí agus do chuireadar chun suite iad. Do thugadar bia agus deoch ansan dóibh. Do bhí rince agus ceol acu. Do bhí amhráin agus scéaltha fiannaíochta acu.

Do bhí rí Chúige U-... Chúig' na Mumhan... fear críonna ab ea é. Agus do bhí sé pósta le bean óg. Agus do bhí rí Uladh 'na fhear breá ach ní raibh sé pósta in aon chor. Do chonaic bean rí na Mumhaineach é agus - rí Uladh - agus do thit sí i ngrá leis. Dúirt sí léi féin go dtabharfadh sí nimh dá fear agus go gcuirfeadh sí chun báis é. Agus go bpósfadh rí Uladh ansan í. D'imigh sí agus do chuir sí nimh sa fíon dó. Do thug sí chuige lán a ghloine dhon fhíon agus do bhí nimh ann agus d'ól sé é. Agus i gcionn dhá uair a chloig 'na dhiaidh san do bhí a fear marbh.

Ar maidin amáireach do bheartaigh rí Uladh é féin agus a chuid seirbhíseach chun gluaiste. D'fhiafraigh bean rí na Mumhan de an bpósfadh sé í. Agus dúirt sé léi go dána ná déanfadh. Do bhí sí ansan gan Mhurchadh gan Mhaonas.

Aistriúchán

There was a king in Ireland long ago and the place he lived was Tyrone in Ulster. And his name was Manus O'Rourke. And at the same time there was another king in Munster and his name was Murrough O'Connell.

Murrough O'Connell said he would invite Manus O'Rourke and his servants to dinner. And then he appointed a day for them. They came on the appointed day. And the king of Munster and his servants were prepared for them. They brought them into rooms and sat them down. They then gave them food and drink. They had dancing and music. They had songs and Fenian stories.

The king of Munster was an old man. And he was married to a young woman. And the king of Ulster was a handsome man but he wasn't married at all. The wife of the king of Munster saw him and – the king of Ulster – and she fell in love with him. She said to herself that she would poison her husband and kill him. And that the king of Ulster would marry her then. She went and put poison in his wine. She brought him a full glass of the wine and there was poison in it and he drank it. And two hours after that her husband was dead.

The following morning the king of Ulster got himself and his servants ready to leave. The wife of the king of Munster asked him if he would marry her. And he told her boldly that he would not. She was then without Murrough or Manus.

Tráchtaireacht

Tá an nath cainte 'gan Mhurchadh gan Mhánas', nó leaganacha eile de, coitianta sa Ghaeilge. Dar le hÉnrí Ua Muirgheasa, Seanfhocla Uladh (Dublin, 1907), 182-3, is éard is brí leis ná a bheith gan rogha ná acmhainn. Tá an sampla thuas ar cheann de roinnt finscéalta éagsúla, cuid acu difriúil go maith lena chéile, a mhíníonn bunús an natha. Féach go bhfuil scéal ann as Iorras, contae Mhaigh Eo, a mhíníonn gurb é an bunús atá leis an nath ná marú Mhánais Uí Mhurchadha a bhí i gconriocht. Féach Séamas Ó Catháin, 'The robbers and the captive girl', Béaloideas 62-3 (1994-5), 109-46: 121-24. Tá sampla eile in Máirtín Ó Cadhain, Idir shúgradh is dáiríre (BÁC, 1939), 153-64. I scéal a cumadh le déanaí i gCorca Dhuibhne agus sa seanfhocal a ghabhann leis, tugtar cuntas ar bhean a bhí i ngrá le beirt fhear darbh ainm Murchadh agus Mánas, agus a thug an oiread sin ama ag iarraidh fear acu a roghnú gur chaill sí an bheirt acu. Féach Irish proverbs / seanfhocail (CD-ROM, Fios Feasa, 1998).

Teideal i mBéarla: Murrough and Manus
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Scolaí as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad.