An triúr deartháir - Séamas Ó Scolaí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí triúr dearthár agus deirfiúr i dteannta a chéile i gcontae Thiobrad Árann. Dúirt an deartháir críonna gur leis féin an ball agus a raibh ann. Dúirt an chuid eile ná raibh aon chall aige chútha ach... chuige ach comh beag leo féin. Ansan d'éiríodar chun a chéile agus do bhuaileadar. Agus do mharaibh an deartháir óg an bheirt. D'imigh an deirfiúr agus do ghearán sí é leis na pílears. Thánadar agus tógadh iad agus tugadh i láthair giúistís é. Agus do trialladh ansan é. Do cuireadh i láthair coiste é agus breithimh. Agus do fuarthas ciontach é agus do crochadh é. Do bhí an ball agus a raibh ann ag an deirfír ansan.

Aistriúchán

There were three brothers and a sister together in county Tipperary. The eldest brother said that he owned the place and all that was there. The others said that he had no more of a right to them... to it than they had. Then they went for each other and they struck each other. And the youngest brother killed the two. The sister went and she reported him to the peelers. They came and they were arrested and he was brought before the magistrate. And then he was tried. He was put before a jury and a judge. And he was found guilty and he was hanged. Then the sister got the place and all that was there.

Tráchtaireacht

Is cosúil gur sampla de pharabal atá anseo, scéal a bhfuil teachtaireacht mhorálta ag gabháil leis. Is iad an tsaint agus an bhaoithe a threascraíonn an bheirt dearthár, rud a fhágann gur ar a ndeirfiúr, an t-aon duine acu nár ghlac páirt san argóint, a thiteann an oidhreacht. Is cosúil go bhfuil gaol aige, ina théama, le scéal eile i mbailiuchán Doegen, 'Bhí triúr deirfiúr agus deartháir ann' ón bhfaisnéiseoir Pádraig Ó Gallchobhair as contae Thír Eoghain. Is sampla é an scéal deireanach seo de scéal atá coitianta i dtraidisiún na hÉireann agus a phléann le baill de theaghlach ag argóint mar gheall ar thalamh á roinnt, mar gheall ar phunanna coirce agus, ar deireadh, mar gheall ar ghráinne amháin coirce, a leanann siad síos isteach i bpoll portaigh nó isteach in abhainn, agus go bhfaigheann siad go léir bás mar thoradh air seo. Rinneadh taifeadadh air i roinnt áiteanna ar fud na tíre, contaetha Chiarraí agus Ros Comáin ina measc, go déanach sa naoú céad déag agus go luath sa bhfichiú haois. Féach An Seabhac, 'An Gráinne Corr', Béaloideas 3:4 (1932), 432-4. Feach leis Séamus Ó Duilearga, 'An dáréag seana-chailleach', Béaloideas 2:1 (1929), 69-70.

Teideal i mBéarla: The three brothers
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Scolaí as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:55 nóiméad ar fad.