Sceach an óir - Pádraig Ó hArachtáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Sceach an óir.

Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé ina chónaí ar na Garránaibh i gcontae Chiarraí. Aon oíche amháin do taibhríodh dó dá raghadh sé go dtí Droichead Eochailleach go bhfaigheadh sé a dhóthain don tsaol. D'éirigh sé go moch ar maidin agus do nis sé dá mhnaoi é. Agus dúirt sí leis fanúint sa bhaile. Ní dhéanfadh sé rud uirthi. D'imigh sé leis agus do chuaigh sé go dtí an droichead so. D'fhan sé ann ar feadh an lae agus ní bhfuair sé aon ní ann. Tháinig sé arís ann a(r) lá arna mháireach agus d'fhan sé ann ar feadh an lae agus ní bhfuair sé aon ní. Tháinig sé an tríú lá agus im thráthnóinín deireanach tháinig seanabhean chuige. Agus d'fhiafraigh sí dhe cad a bhí á choimeád[1] ansan le trí lá.

"Neosadsa dhuit," ar seisean. "Do taibhríodh dom dá dtiocfainn anso go bhfaighinn mo dhóthain don tsaol."

"Arú, a amadáin," ar sise, "táthas dá thaibhreamh san domhsa leis na blianta so go léir. Dá raghainn go dtí na Gránaibh i gcúlaibh tí Sheáin Uí Shé, go raibh tor ann go nglaoidís Sceach an Óir air. Agus dá raghainn go dtí an tor úd go bhfaighinn mo dhóthain don tsaol."

"Is dócha é," ar seisean.

Tháinig sé abhaile i dtráthnóna agus do nis sé a chúrsa dá mhnaoi. Do chuaigh sé a chodladh. Agus d'éirigh sé go moch ar maidin agus do thóg sé leis piocóid agus ringear agus siúd ag réabadh é. Agus ba ghearr go bhfuair sé an próca óir curtha fén dtor.

Aistriúchán

The golden whitethorn.

There was a man long ago and he lived in Garranes in county Kerry. One night he dreamed that if he went to Youghal Bridge he would find riches for life. He got up early in the morning and he told this to his wife. And she told him to stay at home. He wouldn't obey her. He set off and went to this bridge. He stayed there all day long and he didn't find anything there. He returned the following day and he stayed there all day long and he didn't find anything. He came the third day and late in the afternoon an old woman came to him. And she asked him what had kept him there the last three days.

"I'll tell you," he said. "I dreamt that if I came here I would find riches for life."

"Ah, you fool," she said, "I have been dreaming that all these years. If I went to Garranes at the back of Seán Ó Sé's house, that there was a bush that used to be called the Golden Whitethorn. And if I went to that bush that I would find riches for life."

"I suppose so," said he.

He came home in the evening and he told his wife of his journey. He went to sleep. And he got up early in the morning and he took with him a pickaxe and a crowbar and off he went digging up. And it wasn't long until he found the pot of gold buried under the bush.

Fonótaí

Leg. chimeád? (Back)

Tráchtaireacht

Seo insint ar an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1645 The treasure at home. Is féidir na leaganacha luatha as an litríocht a rianú siar chomh fada leis an bPeirs sa tríú céad déag, agus fuarthas an scéal ar fud na hEorpa agus na hÁise. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Bhí an-tóir air ar fud na hÉireann, agus tá móran samplaí ann ós gach cúige. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The golden whitethorn
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó hArachtáin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 17:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 17:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1082d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1082d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1082d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1082d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:02 nóiméad ar fad.