Eoghan Rua agus an sagart - Pádraig Ó Ruairc


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí Eoghan Rua ag gabháilt an bóthar lá agus do bhuail an dá shagart 'na choinnibh. "Do bhí (mé i) (...)", arsa an cóidiútar leis an sagart paróiste, "le Eoghan."

"B'fhearra dhuit é scaoileadh thort," ar seisean. "Tá Eoghan ró-mhaith dhuit."

"Sea, mar sin féin is uile beidh triáil againn é (...)," arsa an cóidiútar.

Do bheannaigh sé go sibhialtha d'Eoghan. Agus má dhein do bhí fiach dubh ag imeacht lasmuigh in airde is "uác, uác" aige. "A Eoghain," ar seisean, "cathain a thiocfaidh a chaint don bhfear in airde," ar sin, "don bhfiach dubh?"

"Cruaidh an cheist í sin ormsa, a athair," ar seisean. "Ach pé acu san é," ar seisean, "tabharfaidh mé fé í réiteach duit," ar seisean. "Nuair a thiocfaidh an míol mór ar an moing[1]," ar seisean, "agus nuair a thiocfaidh an roinnt ar Shliabh Mis, nuair a chaillfidh an sagart an saint," ar seisean, "sea a thiocfaidh a chaint don bhfiach dubh."

"Féach cad dúrtsa leat," arsa an sagart paróiste, ar seisean. "Go mb'fhearra dhuit Eoghan a scaoileadh thort," ar seisean, "mar tá Eoghan ró-mhaith chun (...) (duit)."

Aistriúchán

Eoghan Rua was on the road one day and he met two priests. "I was (...)", said the curate to the parish priest, "with Eoghan."

"You had better let him pass you by," he said. "Eoghan is too good for you."

"Yes, even so we'll test him (?)," said the curate.

He saluted Eoghan politely. And if he did, a raven flew over going "caw, caw". "Eoghan," he said, "when will that fellow above, the raven, start to speak?"

"That is a difficult question for me, father," he said. "Even so," he said, " I will attempt to solve it for you," he said. "When the whale comes into the marsh," he said, "and when Sliabh Mish is divided (?), when the priest loses his greed," he said, "that is when the raven will speak."

"What did I tell you," said the parish priest, he said. "That you had better let Eoghan past," he said, "because Eoghan is too good (...) for you (?)."

Fonótaí

Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaeidhilge agus Béarla (1927) s.v. mong. (Back)

Tráchtaireacht

Bhí an-cháil ar an bhfile Ciarraíoch Eoghan Rua Ó Súilleabháin (c. 1748-1784), agus faightear tagairtí dó go raidhsiúil i scéalta béaloidis chúige Mumhan. Leagtar mórán scéalta greannmhara air, agus scéalta apacrafúla ar uairibh, agus is minic a chuirtear dearcadh frithchléireach in iúl sna scéalta sin a bhaineann lena theagmhálacha le sagairt. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (New York, 1991), 348. Is cosúil go bhfuil gaol ag plota an scéil seo leis an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1832 The boy answers the clergyman. Is cineál ilghnéitheach scéil é ina bhfaightear an ceann is fearr ar shagart trí fhreagra glic a thabhairt ar cheist dheacair. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004).

Teideal i mBéarla: Eoghan Rua and the priest
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ruairc as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain. Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1084d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:16 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1084d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:16 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1084d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1084d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.