Coigilt na tine - Mícheál Mac Gearailt


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Coiglím an tine mar choiglíonn Críost cách,
Cuirim Muire idir dhá cheann mo thí agus Bríd ina lár,
Cuirim a bhfuil d'aingil is d'easpail i gCathair na nGrást
Ag cosaint mo thí agus a bhfuil ann go lá.

Aistriúchán

I preserve the fire as Christ preserves us all,
I put Mary between the two ends of the house and Bridget in the middle,
I put all the angels and apostles that are in the City of Grace
Protecting my house and all in it till dawn.

Tráchtaireacht

Sa seansaol bhí sé riachtanach an tine a choigilt gach oíche: dhéantaí na sméaróidí a chlúdach le luaith i gcomhair na hoíche chun go bhfanfaidís dearg agus go bhféadfaí iad a athlasadh arís ar maidin. De ghnáth, bhíodh sé seo ar cheann de chúraimí deireanacha an lae, agus is minic a bhíodh paidreacha cumhdaigh á leanúint. Bailíodh roinnt paidreacha dá leithéid ar fud na tíre, agus cuireadh i gcló iad. Tá samplaí eile ó chontae Chiarraí in Séamus Ó Duilearga, 'Seana-phaidreacha agus orthaí ó Íbh Ráthach', Béaloideas, 37/38 (1969-70), 107-22. Tá anailís ar phaidreacha den saghas seo a tiomnaíodh do Naomh Bríd le fáil in Séamas Ó Catháin, 'Hearth-prayers and other traditions of Brigit: Celtic goddess and holy woman', The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 122 (1992), 12-34.

Teideal i mBéarla: Banking up the fire
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Mac Gearailt as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 13:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 13:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1086d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1086d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:20 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1086d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:18 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1086d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:18 nóiméad ar fad.