An Lóchair Mhór - Seán Ó hAiniféin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Amhrán a dhein fear do bhád a bhí aige á moladh (gurbh) ainm di an Lóchair Mhór.

Ó, is ag déanamh ar eadartha bó (dhom)
(Is mé ag feistiú mo sheoltha) suas,
Mo mhaidí bhí tairrigthe nua agam
Is iad déanta dhon fhuinseoig chruaidh,
I mBeannaigh[1] sea chuireas fé sheol í
Is a haghaidh ar an Ród[2] ó thuaidh,
Níor gaibheadh riamh capall ná cóiste
Do ritheadh lem Lóchair Mhór.

(...) (geal í)
Do ligint go brách ar poll
Mar bíonn fearaibh i gcontúirt a mbáite
Nuair a thagann an gála trom,
Ach ní mar sin don chleithire báid sin,
Bíonn a (...) go hard sa chrann,
Ní'bh fhearr léi ciúnas Lae Sheáin ann
Ná farraige chomh hard le tower.

'S an gcualabhairse trácht ar an (...)
(Ós na flaithis) a bháigh an domhan?
'S an gcualabhair trácht ar an árthach
Thug seacht mí agus lá ar an bpoll?
Noah dob ainm dá máistir
Is bhí bua aige ó Ard-Rí an domhain,
Níl aon bhaol ná go seasfadh mo bhádsa
Seacht mí agus lá ina deabhaidh.

Dá gcífeá mo chleithire báidse
[3] anairt i ngála trom,
Uisce ar a gunail in airde
Is an taobh eile comh ard le tower,
Is dóigh liom (nárbh) (...)
Ó cuireadh an Áirc ar poll
Do thógfadh timpeall chomh breá léi
Is ná teipfeadh go brách sa domhain.

Aistriúchán

A song composed by a man praising his boat which was call An Lóchair Mhór

Oh, it was nearing milking time
And I was arranging my sails,
My oars I had made new
Out of strong ash,
By An Bheannach I hoisted her sail up
Facing north towards An Ród
There never was a horse or a coach
That would run with my Lóchair Mhór.

(...) bright (?)
To ever let her(?) afloat,
Because men are in danger of drowning
When a heavy gale comes,
But not so for that strong boat,
Her (...) is high on the mast,
She wouldn't prefer the calmness of St John's Day
To a sea as high as a tower.

Did you hear of the (...)
From the heavens which drowned the world?
And did you hear about the ship
That spent seven months and a day afloat?
Noah was the name of her master
And he had a gift from the High-King of the world,
There is no doubt that my boat would last
Seven months and a day after her.

If you saw my strong boat
Under sail in a heavy gale,
Water up over he gunwales
And the other side as high as a tower,
I think that (...)
Since the Ark was put afloat
Would turn around as beautifully as her
And would never fail on the high sea.

Fonótaí

'Carraig ar dhéanamh na binne ar an dtaobh theas do Bheiginis' (Breandán 'ac Gearailt, An Blas Muimhneach (BÁC, 2007), 265). (Back)
'An stráice farraige idir Bheiginis agus An tOileán' (Breandán 'ac Gearailt, op. cit., 265). (Back)
= , faoi (Back)

Tráchtaireacht

Ba é Dónal Ó Muircheartaigh, An Fearann (An Garraí Glas) i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, contae Chiarraí, a chum an t-amhrán seo nach gcastar go rómhinic na laethanta seo, thart ar an mbliain 1840, in ómós do bhád a bhí ceannaithe aige ó Dhónal eile, 'An Mainíneach Mór', as An Baile Uachtarach Thiar, contae Chiarraí. Féach Breandán 'ac Gearailt, An blas Muimhneach (BÁC, 2007), 262-5, áit a dtugtar naoi véarsa agus roinnt de chúlra an amhráin.

Teideal i mBéarla: An Lóchair Mhór
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó hAiniféin as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 16:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 16:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1088d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:16 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1088d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:16 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1088d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1088d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:14 nóiméad ar fad.