An bóthar ó thuaidh - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

An bóthar ó thuaidh, an bóthar ó thuaidh,
An bóthar ó thuaidh chun Trá Lí.
An bóthar ó thuaidh 's an cóngar aduaidh
'S an bóthar ó thuaidh chun Trá Lí.

An bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh,
An bóthar ó thuaidh chun Trá Lí.
An bóthar ó thuaidh 's an cóngar aduaidh
'S an bóthar ó thuaidh chun Trá Lí.

Aistriúchán

The road north, the road north,
The road north to Tralee.
The road north and the short cut south
And the road north to Tralee.

The road north, north, north,
The road north to Tralee.
The road north and the short cut south
And the road north to Tralee.

Tráchtaireacht

Faoin ainm cleite 'Finghin na Leamhna' d'fhoilsigh Fionán Mac Coluim an t-amhrán seo i dtosach i mbailiúchán amhrán do pháistí dar teideal Cosa buidhe árda do’n aos óg (BÁC, 1916), 7. Foilsíodh é freisin i bpaimfléad méadaithe le Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn dar teideal Cosa buidhe árda: cuid a haon (BÁC, 1922), 23-4. Casann Mac Coluim véarsa amháin agus ansin an curfá ar an taifeadadh seo. Tugtar ceithre véarsa mar aon le nodaireacht sólfá tonach sna leaganacha clóite thuasluaite. Tá leagan eile le fáil in Donnchadh Ua Braoin, An cuaichín ceoil (BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, c. 1930), 9-10, áit a bhfuil an ceathrú véarsa difriúil leis an gceann atá i gcló in Cosa buidhe árda. Tá véarsaí greannmhara nó ráiméiseacha, i mBéarla agus i nGaeilge araon, curtha le roinnt leaganacha den amhrán seo. Mar shampla, chasadh an t-amhránaí Elizabeth 'Bess' Cronin véarsaí mar seo a leanas: 'Tidy womaneen, tidy womaneen, / Tidy womaneen sásta, / That would milk her cow in the tail of her gown / And drink it out of a saucepan'. Féach Dáibhí Ó Cróinín, The songs of Elizabeth Cronin, Irish traditional singer (BÁC agus Portland, 2000), 52-3. Tá dhá leagan mhalartacha den fhonn, dar teidil 'The Northern Road to Tralee' agus 'An Bóthar ó Thuaidh go Trágh-Lí', faoi seach, le fáil in Charles Villiers Stanford, The complete Petrie collection (Londain, 1902), uimhreacha 448, 1318. Seinneann ceoltóirí uirlise in iarthar Chiarraí an fonn, faoi mar a chasann Mac Coluim é, mar shleamhnán go minic. Le haghaidh leagain chlóite den amhrán mar shleamhnán, féach Breanndán Ó Beaglaoich agus Niamh Ní Bhaoill, Ceol Duibhneach: ceol agus ceoltóirí ó Chorca Dhuibhne (An Daingean, 2009), 36. Tá taifeadadh den sleamhnán le Paul McGrattan le cloisteáil ar a albam The frost is all over (Ceirníní Cladaigh, 1992), rian 9.

Teideal i mBéarla: The road north
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:29 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:29 nóiméad ar fad.