Tadhg Ó Mongáin - Séamus Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear thiar i gConamara fadó insa tseanaimsir a dtugaidís Tadhg Ó Mongáin air. Theastaigh sé uaidh a theacht isteach go Gaillimh ar theachtaireacht. Chaith sé i bhfad ag faire ar a theachtair-... ar an... ar an truip.

Tháinig sé isteach lá, é féin agus a ghearrán[1] bán. (Bhí) sióg (...) ar an mbóthar ar an mbealach. Agus duine ar bith nach mbeadh thar an spota sin san oíche, shulá dtigeadh an oíche, ní feicfí aríst ag brách é. Tháinig an oíche ar Thadhg agus ar a ghearrán bán agus casadh an tsióg dhó.

"Go mbeannaí Dia dhuit, a Thaidhg," a dúirt an tsióg.

"Go mbeannaí Dia agus Muire dhuit," a dúirt Tadhg.

"(Is) fada an lá ag faire ar an truip seo a thabhairt thú, a Thaidhg," a dúirt an tsióg.

"Bhuel, is fada," a dúirt Tadhg.

"Tá tú i ngreim faoi dheireadh," a dúirt an tsióg.

"Tás[2]," a dúirt Tadhg.

"Tá trí cheist a'msa le cur ort," a dúirt sé, "agus murb fhuil[3] tú in ann iad a fhuascailt ní feicfear aríst go bráth thú."

"Bhuel, tearaí[4] leofa," a dúirt Tadhg.

"Géag úr i mbarr an chrainn, a Thaidhg," a dúirt sé, "agus smál dubh ar a leiceann. Tomhais fáth ar an leathrann."

"Cailleach agus buarach (ar an tsáil)," a dúirt Tadhg, "agus í dhá fáscadh go teann teann."

"Ní shin é," a dúirt Tadh-... an tsióg. "Géag úr i mbarr an chrainn, a Thaidhg," a dúirt sé, "agus smál dubh ar a leiceann."

"Tá teach mór i nDún na Gall," a dúirt Tadhg, "agus ní ligfear aon nduine isteach ann."

"Ní shin é, a Thaidhg," a dúirt sé, "ach is maith an cainteoir thú. Géag úr i mbarr an chrainn, a Thaidhg," a dúirt sé, "agus smál dubh ar a leiceann."

"(Clár daraí a chúl leis féin), iolrach agus a chrúba ar easnamh."

"Ní shin é," a dúirt Ta-... an tsióg, "ach is maith an cainteoir thú, a Thaidhg. Tiúrfaidh mé round eile dhuit. Géag úr i mbarr an chrainn agus smál dubh ar a leiceann."

"Coinneal agus coinnleoir ann," a dúirt Tadhg.

"Tá sé agad insa deireadh, a Thaidhg," a dúirt an tsióg.

D'imigh leothu síos an bóthar agus bhí teach ósta ar thaobh an bhóthair. Dúirt Tadhg go rachadh sé isteach is go bhfaghadh sé deoch.

"Ná téirigh isteach ansin, a Thaidhg," a dúirt an tsióg. "Níl ann ach (deachmhaí)[5]."

"(Dh)á mbeinn gan a fháil ann ach deoch uisce," a dúirt Tadhg, "caithfidh mé ghoil isteach."

Chuaigh sé isteach agus tharraing sé an capall aniar go dtí an doras. D'ól sé a dheoch agus bhí an tsióg amuigh ag fada-... ag fanacht leis.

Nuair ab fhada leis an tsióg go rabh sé ag goil amach, "Tá an gearrán bán insa tseisrigh, a Thaidhg," a dúirt sé, "agus é ar easbhaidh ama."

"Is cuma liom," a dúirt Tadhg, "ach an té nach n-ólfaidh leann... An té nach n-ólfaidh (deachmhaí) bíodh sé ar easbhaidh leanna. Ní rachaidh mise amach go maidin."

Fuaigh an tsióg ar siúl agus chuaigh Tadhg abhailí.

Aistriúchán

There was a man out west in Conamara long ago in the old days who was called Tadhg Ó Mongáin. He wanted to come into Galway on an errand. He spent a long time thinking about his err-... about the journey.

He came in one day, himself and his white nag. There was (?) a fairy (...) on the road along the way. And anybody who wasn't past that spot at night-time, before the night fell, would never again be seen. The night fell on Tadhg and on his white nag and he met the fairy.

"Good day to you, Tadhg," said the fairy.

"Good day," said Tadhg.

"You have been thinking of making this trip for a long time, Tadhg," said the fairy.

"Indeed, I have," said Tadhg.

"You are in a bind at last," said the fairy.

"I am," said Tadhg.

"I have three questions to ask you," he said, "and if you are not able to solve them you will never be seen again."

"Well, bring them on," said Tadhg.

"A fresh branch at the top of the tree, Tadhg," he said, "and a black stain on its cheek." Solve the riddle of that half-verse."

"A hag with a spancel on the heel (?)," said Tadhg, "being squeezing very tightly."

"That's not it," said Tadh-... the fairy. "A fresh branch at the top of the tree, Tadhg," he said, "and a black stain on its cheek."

"There is a big house in Donegal," said Tadhg, "and nobody will be let into it."

"That's not it, Tadhg," he said, "but you are a good talker. A fresh branch at the top of the tree, Tadhg," he said, "and a black stain on its cheek."

"An oak board with its back to itself (?), an eagle missing its claws."

"That's not it," said Ta-... the fairy, "but you are a good talker, Tadhg. I will give you another go. A fresh branch at the top of the tree, and a black stain on its cheek."

"A candle with a candle-stick," said Tadhg.

"You have it at last, Tadhg," said the fairy.

Off they went down the road and there was an inn beside the road. Tadhg said that he would go in and that he would get a drink.

"Don't go in there, Tadhg," said the fairy. "There is nothing but dregs(?) in there."

"If I were only getting a drink of water there," said Tadhg, "I have to go in."

He went in and he pulled the horse over to the door. He drank his drink and the fairy was outside waiting for him.

When the fairy was tired of waiting for him to come out, "The white nag is in the plough-team(?), Tadhg," he said, "and is short of time.

"I don't care," said Tadhg, "but he who won't drink beer... he who won't drink dregs(?) will be short of beer. I won't go out until morning."

The fairy went off and Tadhg went home.

Fonótaí

Leg. ghiorrán? (Back)
= tá mé. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 594. (Back)
= mura bhfuil. Cf. Ruairí Ó hUiginn, op. cit., 594. (Back)
= tar. Cf. Ruairí Ó hUiginn, op. cit., 594. (Back)
= deascaí, deasca? (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan de rannscéal a d'insítí go coitianta i dtraidisiún na Mumhan thar aon áit eile, ina gcuireann púca nó sprid dúshlán faoi dhuine atá ag siúl thart, agus an bás á bhagairt aige air, rann mar gheall ar choinneal agus coinnleoir a chríochnú. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (New York, 1991), 239. Sa chás seo, is i gcomhthéacs an tsísheanchais atá an scéal suite, agus bagraíonn an tsióg fuadach agus ní bás ar an té ar a bhfuil sé ag iarraidh leatrom a dhéanamh. Tá mórán réamhshamplaí den mhóitíf seo sa traidisiún béil, i scéalta agus in amhráin araon. Rinneadh taifeadadh air faoin teideal 'Riddles wisely expounded' sa chéad bhailiúchán bailéad ó James Child. Tagann ceann de na leaganacha is luaithe den amhrán ó amhrán Sasananch ar a dtugtar 'Inter Diabolus et Virgo', ón tréimhse thart ar 1450, agus ina bhfuil cur síos ar chomórtas tomhas idir an diabhal agus bean ar mhian leis í a fhuadach. Féach Francis James Child, The English and Scottish popular ballads (5 iml., New York, 1965), iml. 1, 3. D'fhéadfadh sé leis gur in eipeasóid i seanchas na Sean-Ghréige, a bhaineann le comórtas tomhas idir Éideapús agus an Sfioncs, atá a bhunús. Féach Lowell Edmunds agus Alan Dundes, Oedipus: a folklore casebook (New York, 1983), 159. B'fhéidir, dá bhrí sin, go bhfuil ceangal aige leis an móitíf idirnáisiúnta béaloidis, H541.1.1 Sphinx propounds riddle on pain of death. Tá an mhóitíf 540.1 Supernatural creatures propound riddles ann leis. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Ina theannta sin, tá liosta de mhóitífeanna a bhaineann le tomhais as luathlitríocht na hÉireann le fail in Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952), 341-2.

Teideal i mBéarla: Tadhg Ó Mongáin
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamus Breathnach as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1105g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:18 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1105g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:18 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1105g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1105g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:15 nóiméad ar fad.