An gabha agus an buachaill beag - Seán Ó Direáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí gabha ann aon uair amháin agus ní rabh sé in ann a dhéanamh ach iarann céachta. Tháinig fear go dtí é lá ar chapall bán agus dúirt sé leis cruithí[1] a chur ar an gcapall dó. Dúirt sé leis nar rabh[2] sé in ann... nar rabh sé in ann tada a dhéanamh ach iarann céachta.

"Toram iasacht na ceárta," a dúirt sé, "agus cuirfidh mé féin na cruithí suas."

Thug sé iasacht na ceárta dhó agus sháigh sé cosa an chapaill síos insa tine. Agus faoi cheann achair bheag, bhí cruithí réitithe amach aige uirthi.

Deir an gabha, "Tá an cheird agam féin anois agus déanfaidh mé féin na hoibreachaí seo níos mó."

D'imigh an fear ina bhealach féin agus chuaigh an gabha ar a thriáil agus sé an chaoi ar chuir sé a chapall féin 'un báis. Lá arna mháireach tháinig an fear aríst agus seanfhear aige agus sháigh sé a chosa síos sa tine agus rinne sé fear óg de.

"Tá seanbhean a'm," a deir an gabha, "agus sáfaidh mé a cosa síos sa tine (caithfidh sé go bhfuil an cheird a'm!) agus déanfaidh mé bean óg di."

Ach nuair a sháigh sé a cosa síos sa tine chuir sé 'un báis uiliug í. Bhí faitíos air ansin agus d'imigh sé leis agus casadh gasúr ar an mbóthar dhó.

"Tóig leat mise. Tabhair mo bhuach-... mo bhuachaill," a dúirt sé.

"Níl aon bhlas a'm dhuit ach mar sin féin tabharfaidh mé liom thú."

"Tá fear mór ina leithide seo dh'áit agus tá sé tinn. Leigheasfaidh mé é," a deir an gasúr, "agus déanfaidh sé maith dhúinn (a bhfaighidh muid leis)."

Leigheas sé é agus fuaireadar trí (fhál) airgid.

"Toram luach péire bróg," a deir an gasúr leis an ngabha.

"Ní thiúrfaidh mé," a deir an gabha. "Bhí sé ró-luath a'd a ghoil ag iarraidh airgid fós."

Tha-... D'imigh sé uaidh agus tharla cás eile agus dúirt an gabha go raibh sé féin in ann an leigheas a dhéanamh. Chuaigh sé gá dhéanamh agus ní rabh a fhios aige lena dhéanamh i gceart. Ach marach go dtáinig an gasúr ar ais bheadh an gabha curtha 'un báis.

"Tá mé ag tabhairt comhairle dhuit," a dúirt an gasúr, "gan a ghoil ag déanamh go brách rud ar bith nach bhfuil tú in ann a dhéanamh. Mise a tháinig go dtí thú an chéad lá agus an capall a'm. Is mé a tháinig go dtí thú an dara lá agus an seanduine a'm. Agus is é an fáth a dtáinig mé go bhfaghainn fios cén sórt intinne a bhí a'd ach tá a fhios a'm nar rabh a'd ach intinn lag."

Sin é.

Aistriúchán

There once was a smith and the only things he could make were coulters. One day a man came to him on a white horse and told him to shoe the horse for him. He told him that he wasn't able to... that he wasn't able to make anything except a coulter.

"Give me the use of the forge," he said, "and I will do the shoeing myself."

He gave him the use of the forge and he thrust the horse's feet into the fire. And after a small while there were shoes fixed on her.

The smith said, "I know the craft myself now and I will do this work myself from now on."

The man went his own way and the smith tried it and it he killed his own horse. The next day the man came again with an old man and he thrust his legs down into the fire and made a young man of him.

"I have an old wife," said the smith, "and I will thrust her feet down into the fire (I must have the craft!) and I will make a young woman of her."

But when he thrust her feet down into the fire the killed her altogether. He was scared then and he went off and he met a boy on the road.

"Take me with you. Take my bo-... my boy," he said.

"I don't have anything for you but I'll bring you with me all the same."

"There is a great man in a particular place and he is ill. I will cure him," said the boy, "and what we get from him will do good for us (?)."

He cured him and they got three amounts(?) of money.

"Give me the price of a pair of shoes," said the boy to the smith.

"I won't," says the smith. "It is too early for you to go asking for money yet."

He left him and another case happened and the smith said that he was able to do the curing himself. He began doing it and he didn't know how to do it properly. If it were not for the fact that the boy came back the smith would have been killed.

"I am advising you," said the boy, "never do something which you are not able to do. It was I who came to you the first day with the horse. It was I who came to you the second day with the old man. And the reason I came was to find out what kind of mind you had but I know that you only had a weak mind."

That's it.

Fonótaí

= cruite, cruithe. (Back)
= nach raibh. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 596. (Back)

Tráchtaireacht

Is éard atá anseo ná malairt leagain den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 753 Christ and the smith. Sna leaganacha idirnáisiúnta, tugann Críost nó naomh éigin cuairt ar ghabha mórtasach, agus déanann míorúiltí ar nós cos capaill a bhaint anuas chun crú a chur air, nó ógbhean a dhéanamh arís de sheanbhean trína cur isteach sa tine. Tubaiste nó bás an toradh ar iarrachtaí an ghabha an rud céanna a dhéanamh. I leaganacha áirithe, scanraíonn bean an ghabha agus a iníon, atá ag iompar clainne beirt, nuair a theipeann ar iarrachtaí an ghabha, tagann tinneas clainne orthu roimh am agus beirtear moncaithe don bheirt acu. Sa chás seo feidhmíonn sé mar scéal cúiseolaíoch, a mhíníonn cad as ar tháinig na chéad mhoncaithe nó ápaí ar domhan. Cuireadh i gcló é den chéad uair sa Ghearmáin sa séú céad déag, agus faightear anois ar fud na hEorpa é, in áiteanna i gcríocha Mheiriceá agus i dtuaisceart na hAfraice. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal coitianta go maith in Éirinn, agus is as an gcósta thiar a thagann formhór na samplaí. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Tá roinnt móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis tábhachtacha sa scéal, ina measc J2411.1 Imitation of magic rejuvenation unsuccessful, 2411.2 Imitation of miraculous horse-shoeing unsuccessful, E782.4 Horse’s leg cut off and replaced agus D1886 Rejuvenation by burning. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: The smith and the small boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Direáin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 08-09-1930 ag 16:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 08-09-1930 ag 16:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1109g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1109g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:52 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1109g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:48 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1109g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:48 nóiméad ar fad.