Faoistin Pháidín gan mhacdam - Pádraig Ó Meadhra


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air[1] Páidín gan Mhacdam[2]. Ní rabh Páidín ar faoistin le blianta fada. Chuala sé go rabh na sagairt le bheith ar an mbaile agus dúirt sé go ngabhfadh sé ar faoistin. Dúirt sé leis na comharsanaí dul isteach tráthnóna agus go mbeadh scéalta nua aige dhóibh le insin.

Chuaigh[3] Páidín go teach na sagart agus nuair a bhí sé ar a ghlúiní ag an sagart d'fhiafraigh an sagart dhó cáid ó bhí sé ar faoistin cheanaí[4].

"Níl a fhios a'm," arsa Páidín.

"Déan iarracht," arsa an sagart.

"Ní rabh mé ar faoistin ó rugadh an ceann beag."

"Agus cáid ó rugadh an ceann beag?"

"Tá sé póstaí ó inné."

"Céard a rinne tú ó shoin?" arsa an sagart.

"Ghoid mé lámh scadán as eangach."

"B'fhéidir gur ghoid tú dhá láimh?" arsa an sagart.

"Fágaim in do dhá láimh é," arsa Páidín.

"B'fhéidir gur ghoid tú trí lámh?"

"B'fhéidir," arsa Páidín.

"B'fhéidir gur ghoid tú ceithre lámh?" arsa an sagart.

"Fágaim in do cheithre láimh é," arsa Páidín.

"B'fhéidir go dtug tú leithchéad leat," arsa an sagart.

"Sin é anois," arsa Páidín, "an rud céannaí a thug mé liom, comh[5] maith agus dá mbeifeá ag amharc orm."

Tháinig Páidín abhailí tráthnóna agus chruinnigh na comharsanaí isteach.

"Sea, a Pháidín, cén scéal é?"

"Scéal maith," arsa Páidín. "Ní gá dho cheachtar agaibh a ghoil ar faoistin. Tá a fhios ag an sagart é féin céard a rinne sibh. D'inis sé dhomsa an méid scadáin a ghoid mé as an eangach, agus mar ghioll air[6] sin déanfaidh mé breithiúnas aithrí."

Aistriúchán

There was a man long ago and his name was Thoughtless Páidín. Páidín hadn't been to confession for years. He heard that the priests were to be in the town and he said that he would go to confession. He told the neighbours to go in in the evening and that he would have new stories for them to tell.

Páidín went to the priests' house and when he was on his knees at the priest the priest asked him how long it had been since his last confession.

"I don't know," said Páidín.

"Make an effort," said the priest.

"I haven't been to confession since the little one was born."

"And how long is it since the little one was born?"

"He is married since yesterday."

"What have you done since?" said the priest.

"I stole a hand of herring (i.e. three) from a net."

"Maybe you stole two hands?" said the priest.

"I leave it in your two hands," said Páidín.

"Maybe you stole three hands?"

"Maybe," said Páidín.

"Maybe you stole four hands?" said the priest.

"I leave it in your four hands," said Páidín.

"Maybe you took fifty," said the priest.

"That's it now," said Páidín, "that's the amount I took, as sure as if you were watching me."

Páidín came home in the evening and the neighbours gathered in.

"Yes, Páidín, what's the story?"

"A good story," said Páidín. "None of you have to go to confession. The priest himself knows what you have done. He told me how many herring I stole from the net, and because of that I will do penance."

Fonótaí

Leg. aire? (Back)
= gan mhachnamh, gan mhachtnamh. (Back)
Leg. fuaigh? (Back)
= cheana. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 549-50. Cf. abhailí, céannaí infra. (Back)
Leg. go? (Back)
Leg. aire? (Back)

Tráchtaireacht

Seo scéal greannmhar a bhfuil gaol aige, b'fhéidir, leis an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1806 Tales of confessions. Is cineál ilghnéitheach atá anseo le cuntais ar ráitis dheisbhéalacha ó aithrígh san áireamh ann, i measc nithe eile. I ndeisceart agus in oirthear na hEorpa is mó a fhaightear a leithéid. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Níl sampla as Éirinn den scéal béaloidis seo in The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968) le Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen. Dá bhrí sin, má tá gaol ag an scéal seo leis an scéal béaloidis ní mór a áireamh gur sampla neamhchoitianta é. Rinneadh taifeadadh ar scéal cosúil leis, ATU 1800 Stealing only a small amount, in Éirinn ach níl ach líon teoranta samplaí mar seo ann, rud a thacaíonn leis an tuairim gur cinéal neamhchoitianta scéil é sa tír.

Teideal i mBéarla: Thoughtless Páidín's confession
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Meadhra as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:07 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:04 nóiméad ar fad.