Paidrín páirteach i dteampall Dé - Pádraig Ó Meadhra


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Paidrín Páirteach i dTeampall Dé,
Bhí ag moladh na mná a bhí ariamh gan locht,
A Íosa, a Mhuire, is a Rí na nGrást,
Ná lig fán ar m'anam bocht.

Maith an sagart Mac Dé,
Maith an baisteadh a rinne sé.
Bhaist sé Eoin Baist'
Agus bhaist Eoin Baist' é.

Go luighe[1] le Dia,
Go luighe Dia liom.
Ceithre (croí) ar mo leabaidh,
Ceithre hainglí uirthi trasnaí,
Má fhaghaim bás (roimhe an) maidin,
Gur i bhflaithis Dé a bheas mo leabaidh.

Fonótaí

Recte luighim, luighead? (Back)

Tráchtaireacht

Tá leaganacha eile de línte 1-8 le fáil in Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain, 1906), iml. 1, 358-62, 372; Tomás Ó Broin, 'Dhá Shean-Phaidir', Béaloideas 6 (1936), 93; agus Séamus Ó Duilearga, 'Sean-phaidreacha ó Iorrus', Béaloideas 12 (1942), 201-3: 203. Tá leaganacha de línte 9-14 le fáil in Seósamh Ó Flannagáin, 'Sean-phaidreacha ó Árainn', Béaloideas 7 (1937), 185-90: 185-6, 190. Tá leaganacha de línte 11-14 le fáil in Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 95 agus 98, agus tá leagan eile fós i mbailiúchán Doegen (á rá ag Sally Ruddy).

Teideal i mBéarla: The Rosary in God's church
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Meadhra as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:41 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:37 nóiméad ar fad.