An sceilpín draighneach - Seán Ó Caodháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Agus maidin chiúin dár éirigh mé amach fá bharra coilltí,
Ó, táim cinntí buaileadh an saighead orm 's mo leigheas nach bhfuil le fáil,
Nó go bhfaca mise an mhaighdean faoi bhruach na sceilpín draighneach,
Sea gheit mo chroí le meidhir aici is dheamhan ar éirigh liom í a fháil.

Órú, thug mé searc is grá daoithe mar a fuair sí lena máithrín,
Ó, faraor géar cráití nár éalaigh sí liom,
Ó, do chúilín mór triopallach le báine ann, do bhéilín mar (taitneamh an) (...),
Ó, is más fíor a bhfuil tú a rá liom cuir do dheaslámh fó mo cheann.

Aistriúchán

One quiet morning as I roved out to the top of a wood
I am sure I was shot with the arrow and no cure can be found for me,
I saw the maiden on the edge of the thorny little cliff ledge,
My heart leapt with happiness though I did not succeed in getting her.

I gave her love like she got with her dear mother,
What a sharp sad pity that she did not escape with me,
Your neat clustered tresses so fair, your mouth (...),
If what you tell me is true put your right hand under my head.

Tráchtaireacht

Insíonn 'An Sceilpín Draighneach' scéal fir óig uaignigh agus an grá éagmaise atá aige do bhean óg a mbuaileann sé léi maidin chiúin áirithe. Ba bhreá leis í a mhealladh ach in umar an éadóchais tá air imeacht ar imirce as Éirinn agus a mhuintir a fhágáil go deo. Is féidir féachaint air mar shampla den chineál amhráin ar a dtugtar pastourelle. Féach Seán Ó Tuama, An grá in amhráin na ndaoine (BÁC, 1960), 23. Is amhrán an-choitianta é i gConamara. Deir an t-amhránaí sean-nóis Sorcha Ní Ghuairim (1911-76) as Roisín na Mainiach, contae na Gaillimhe, go raibh 'an t-amhrán seo chomh coitianta le mo linnse agus nach bhféadfainn gan é a thabhairt liom'. Féach Ríonach Uí Ógáin, Sorcha: amhráin Shorcha Ní Ghuairim: traditional songs from Conamara (leabhrán le dlúthdhiosca, Gael-Linn, 2002), 37-40. Foilsíodh leagan naoi véarsa dar teideal 'Sceilp an Droighin' in Domhnall Ó Fotharta, Siamsa an gheimhridh ; no cois an teallaigh in Iarchonnachta .i. sgeulta, dánta, abhráin, tomhsanna, srl (BÁC, 1892), 73-6. Le haghaidh leaganacha eile de féach: Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1923), 126-7; Tomás Ó Ceallaigh, Ceól na n-oileán (BÁC, 1931), uimh. 13; Proinnsias Ní Dhorchaí, Clár amhrán an Achréidh (BÁC, 1974), 35; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 78-80; agus Brian Ó Ruairc, Ó Mháimín go Camus: Tess Uí Chonghaile (Gaillimh, Camus Productions, 1988), 2-4. Tá na focail anseo an-chosúil leis an amhrán 'An Bhruinneall Mheirbh' (féach Edward Walsh, Irish popular songs (BÁC, 1847), 78-82). Casann Sorcha Ní Ghuairim leagan ocht véarsa de ar Sorcha: amhráin Shorcha Ní Ghuairim (féach thuas), mar a dhéanann Darach Ó Catháin ar Darach Ó Catháin (Gael-Linn, 1975; atheisithe ar dlúthdhiosca, 2004).

Teideal i mBéarla: The thorny cliff
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Caodháin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1112d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1112d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1112d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1112d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad.