Slat mhara Acla - Seán Ó Monacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

In am a rabh Acaill fadó gan aon fhocal Béarla istigh ar an mbaile bhí fear... cuireadh (ag siúl) fear i dteachtaireacht. Agus tháinig... Ag tíocht abhaile dhó lá arna mhárach... Ag tíocht abhaile dhó an lá arna mhárach bhí baile cruinn roimhe agus d'fhiafraigh siad dhó, "Bí ag inseacht nuaíocht más é do thoil é i ndiaidh do theachtaireacht."

Bhuel, (...)," a dúirt sé, "má tá aon nuaíocht agam ach scéal fada ar an anró i gcónaí," a deir sé.

"Cén sórt scéal fada ar an anró é sin?" arsa an... fear dho mhuintir an bhaile leis.

"Bhuel, tá," deir sé, "tá foclaí an Bhéarla le cluint insa chuile áit[1] 'á ngabhfaidh mé... ngabhfaidh tú, ach istigh i mBaile Acla," a deir sé. "Agus bocht... mór an díol náire é," a deir sé.

"Bhuel, faraor, níl aon neart againn air sin," a dúirt fear ar an mbaile, a dúirt sé. "Agus," a deir sé, "céard is féidir a dhéanamh? Bhuel, fágfaidh muid ag an bhfear is sine ar an mbaile cibé rud a déarfas sé linn a dhéanamh."

Chuir an fear is sine in Acaill cuireadh... chuir sé cuireadh ar an (bhaile) uilig, 'gus chruinnigh siad suas deich bpunta le fear a chur go Caisleán an Bharraigh 'á gcosnaíodh focal amháin Béarla deich bpunta agus focal a thabhairt go hAcaill.

Agus d'imigh sé, fear Acla, agus ní rabh sé ach leath bealaigh nuair a casadh dhó fear a dúirt "Good morrow!" leis.

"Bhéarfaidh mé deich bpunta ar an bhfocal sin dhuit," a dúirt fear Acla.

"Bhuel, mh'anam féin, go dtabharfaidh mise an focal dhuit ar dheich bpunta," a dúirt an fear leis, a deir sé, "agus go dtabharfaidh mé focal eile Béarla amárach dhuit ar leath an airgid, ar chúig phunta, má thigeann tú."

"Saol fada dhuit!" a dúirt fear Acla.

Bhí fear Acla ag reathaigh abhaile agus a bhr(...) 'na láimh leis agus é ag tíocht trasnaí ar abhainn duibheacáin, agus nuair a léim sé anonn baineadh (ó bhoinn é) agus cuireadh go tóin é. Agus scanraigh sé agus chaill sé an focal ansin.

Agus nuair a chualaidh an baile an (...) d'éirigh siad amach ar (...) agus thóig siad é agus d'fhiafraigh siad, "Cá bhfuil an focal?"

"Á, níl sé liom," a deir sé. "Chaill mé anseo é."

D'éirigh an baile amach á chuartú. "Ab eo é?" nuair a thóigeadh siad sligeán. "Ab eo é?" nuair a thóigeadh siad faochóg nó cloch. "Ní hé." Ach fuair siad slat mhara ar deireadh. B'eo é.

"Tá mo dhroim ag an Deabhal," a deir sé, "gurb in é good morrow."

Maith go leor, thug siad abhaile an tslat mhara agus shábháil siad agus chroch siad suas in airde í. Agus i riocht agus go mbeadh focal... agus i riocht agus go mbeadh focal Béarla (...) slat mhara in Acaill go mbeadh focal Béarla i gcónaí acu.

Fonótaí

Leg. áint? (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1687 The forgotten word. Baineann formhór na leaganacha le hógánach a chuirtear ar theachtaireacht, agus chun go gcuimhneoidh sé ar a bhfuil le déanamh aige déanann sé athrá ar fhocal éigin arís is arís eile. Ar an tslí, baintear tuisle as nó titeann sé, agus déanann sé dearmad ar an bhfocal. Cuardaíonn sé an focal ar an talamh ansin, mar ceapann sé gur thit sé nó gur shlog an talamh é. Mar a ráiníonn sé, buaileann taistealaí eile leis a deireann an focal céanna agus ansin ceapann an buachaill go bhfuil sé faighte aige arís. Seo scéal an-choitianta, a fhaightear ar fud roinn na hEorpa, agus in áiteanna san Afraic agus i gcríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal neamhchoitianta go maith in Éirinn agus níl ach dhá shampla dhéag ag Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen in The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis, D2004.5 Forgetting by stumbling, ann leis. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: The sea-rod of Achill
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Monacháin as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1118g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:58 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1118g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:58 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1118g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1118g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:55 nóiméad ar fad.