An Teagasc Críostaí - Pádraig Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

In m'amsa, nuair a bhí mé ag goil 'un na scoile, 'á bhfaghadh an máistir amach ó d'imeodh sinn tráthnónaí ón scoil go dtigeadh sinn lá harna mhárach go labhródh sinn focal amháin Gaeilge gheobhadh sinn an oiread seo buillí dhon chán. Agus tháinig sé ins an am ansin aríst 'na dhéidh sin gur thoisigh sé ' múnadh Gaeilge dhúinn agus an Teagasc Críostaí. Agus thoisi-... Seo é an Teagasc Críostaí anois:

Cén ní an Teagasc Críostaí? Míniú soiléara sothuisceanach ar an gcreideamh Caitiligeach, ar na haitheantaí agus ar neithí eile atá riachtanach chum a[1] slánaithe[2].

An éigean dúinn meas mór a bheith againn ar an Teagasc Críostaí? Is éigean, de bhrí gurb é an teagasc céanna é a mhúin Críost agus na heaspail.

Cén modh ar cóir dúinn an Teagasc Críostaí d'fhoghlaim? Is cóir dúinn éisteacht leis go haireach macánta modhúil a chomhmaith is dá mbeith ár dTiarna Íosa Críost ag caint linn.

Cén modh ar cóir dúinn an Teagasc Críostaí agus oibreachaí cráifeacha eile a thoisiú agus a chríochnú? Is cóir dúinn sinn féin a choisteagan [3], sé sin, comharthú na croiche a ghearradh orainn féin.

Céard a chiallaíos comharthú na croiche? Sé comharthú dheisceabail dhílis Chríost é atá réidh ullmhaithe lena Theagasc Críostaí (a airdeáil) agus lena chroich a iompar.

Cén ní Dia? Sé an chéad ní is cóir dho chuile Chríostaí a chreideamh go bhfuil aon Dia amháin ann. Is é seo an chéad airteagal dhon Chré.

Cé hé Dia? Cruthaitheoir neamh agus talamh agus an a-... Ardtiarna gach uile ní.

An rabh Dia ann gach uile am? Bhí. Agus roimh gach uile am, de bhrí go bhfuil sé gan tús gan deireadh.

Aistriúchán

In my time, when I was going to school, if the teacher found out that we spoke one word of Irish from the time we left school in the afternoon until we returned the next day we would be struck so many times with the cane. And after that came the time that he started teaching us Irish and Christian Doctrine. And he began... This now is the Christian Doctrine:

What is Christian Doctrine? It is a clear and comprehensible explanation of the Catholic religion, of the commandments and of other things that are necessary so that we might be saved.

Must we hold the Christian Doctrine in high regard? We must, because it is the same doctrine that Christ and the apostles taught.

How should we learn the Christain Doctrine? We should listen to it attentively, honestly and graciously as well as if our Lord Jesus Christ were talking to us.

How should we begin and end the Christian Doctrine and other pious works? We should bless ourselves, that is, make the sign of the cross.

What is the meaning of making the sign of the cross? It is the sign of Christ's loyal disciples who are ready and prepared to hear(?) his Christian Doctrine and to carry his cross.

What is God? The first thing every Christian ought to believe is that there is one God. This is the first article of the Creed.

Who is God? The creator of heaven and earth and the almighty Lord over everything.

Did God always exist? Yes. And before all time, because he is without beginning without end.

Fonótaí

= ár. (Back)
Leg. slánaidh? (Back)
= a choisreacan. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 3, pointe 56, freagra 795; Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968), § 475. (Back)

Teideal i mBéarla: Christian doctrine
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Mag Uidhir as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1119d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:00 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1119d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:00 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1119d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:58 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1119d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:58 nóiméad ar fad.