Sail Óg Rua - Mícheál Ó Dubhagáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

In Oileán Éadaigh 'tá mo rún is mo chéadsearc,
An bhean ar léig mé léithe mo rún is mé óg,
Tá triúr ar aon chéill ag gol 'na déidh agam,
Agus níl bean a mbréagthaí, mo chreach, le fáil.

Tá mé tinn tréanlag is níl gar gá shéanadh,
Níl mé ar aon chor ach mar bheadh an ceo,
Stór mo chléibh thú, is tú d'fhág liom féin mé,
Chuaigh tú i gcré uaim in do chailín óg.

Níl a fhios ag daoiní a(ch) chomh buartha agus bhímse
An tráth do smaoiním ar mo mhíle grá,
Ba deas é a méin dheas agus clár a héadain,
Agus a súil mar an réalta a bhíos ann uair roimh lá.

Mo ghrá do bhéilín nár chan na bréaga,
Do bhráighe [1] ghléigeal mar an eala ar snámh,
Do dhá chígh ghléigeal le do leanbh a bhréagadh,
'Gus a stór, níorbh fhéidir liom do thabhairt ón mbás.

In aois a sé déag sea fuair mé féin í,
Ba cumhartha an féirín í ag fear le fáil,
Gur síntí síos léithe a bhínn dhá mb'fhada í an oíche
'Gus gur eidir a dhá cígh a bhíodh mo lámh.

Aistriúchán

My darling and true love is in Islandeady,
The woman in whom I confided when I was young,
I have three in one mind crying after her,
And, alas, no woman can be found to soothe them.

I am sore and very weak and it can't be denyed,
I am like nothing but the fog,
Oh love of my heart, you have left me alone,
You died and left me when you were but a girl.

People don't know how sorrowful I am
When I think of my love,
Her bearing was pleasant, as was her forehead,
And her eye like the star an hour before daybreak.

I love your mouth which spoke no lies,
Your neck so bright like the swan on the water,
Your two pure-white breasts to soothe your child,
And my dear, I can't bring you back from the dead.

At the age of sixteen was when I got her,
What a pretty gift she was for a man to get,
I used to lie down with her if the night was long
With my hand between her two breasts.

Fonótaí

= brágha/bráid. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 326. (Back)

Tráchtaireacht

Ceaptar gurb é Seán Mac Aoidh, Oileán Éadaí, contae Mhaigh Eo, a chum an t-amhrán seo. Tá an file ag caoineadh bhás a mhná céile, máthair a chlainne, Sail Óg Ní Mháille. Tá cuntais sa bhéaloideas a thagann salach ar a chéile maidir le conas a fuair sí bás. Déanann Tomás Ó Concheanainn (Nua-dhuanaire III (BÁC, 1981), 72) tagairt d'éilimh gur dhúnmharaigh Mac Aoidh a bhean chéile agus gur chum sé an t-amhrán i bpríosún Chaisleán an Bharraigh lena chruthú go raibh sé neamhchiontach. Déanann Ó Concheanainn tagairt freisin do bhéaloideas a deir go raibh sé i gceist ag gaolta Shail Óg Ní Mháille díoltas a bhaint amach as a bás trí ionsaí a dhéanamh ar Sheán Mac Aoidh, ach tar éis dóibh é a chloisteáil ag casadh an amhráin seo, gur fhill siad abhaile arís. Deir na nótaí a ghabhann leis an gceirnín Darach Ó Catháin: traditional Irish unaccompanied singing (Gael-Linn, 1975; atheisithe ar dlúthdhiosca 2004) go bhfuair Sail Óg bás le linn di a bheith ag saolú linbh. De réir béaloidis eile fós, fuadaíonn an slua sí Sail Óg nua-phósta nuair a bhuaileann sí le fear eile ar an mbóthar a thógann abhaile agus a phósann í. Bliain ina dhiaidh sin, aithníonn an chéad fhear céile í agus í in éineacht leis an dara fear céile i dteach tábhairne. Tar éis dul os comhair giúiré, cinntear gur cheart di fanacht leis an dara fear céile. Féach Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906; eagrán nua le William Mahon, Amhráin Ghaeilge an Iarthair: Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh (Indreabhán, 1992), 72). Le haghaidh tuilleadh eolais féach: Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1923), 30-1; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 147; Tomás Ó Concheanainn, Nua-Dhuanaire III (athchló BÁC, 1981), 5-6, 72; Brian O'Rourke, Pale rainbow: an dubh ina bhán (An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, 1990), 96-105; agus Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin, Le gradam is le spraoi (Indreabhán, 1996), 38-41.

Teideal i mBéarla: Young red-haired Sally
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó Dubhagáin as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1123d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1123d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad.