Ólamuid sláinte na n-éan - Tomás Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá teach ósta ag an dreoilín chomh (daingean) is 'tá i bhFlanders,
Tá fíon is uisce beatha aige, tá beoir agus brandy,
Tá rum ag tíocht 'na thuile aige anall ó Rí na Fraince,
Tá an crotach mara ag seinniúint ann 'gus an uile rón ag damhsa,
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

Tháinig an dreoilín breabhsanta go doras theach an táilliúir,
Bhuail sé cic ar an doras agus bhris sé lena sháil é,
"Mura ndéana tú mo chóta mór dhom agus veilbhit lena chába
Ach beidh mé ag goil dho fhuip ort nó go leona mé do chnámha!"
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

Tháinig an chorr scréachóg le salann 'un an fhéasta,
"Míle mora agus Muire dhaoibh," a dúirt sí leis na héanlaith,
Mur dtuga sibh dhomhsa cosamar le caitheamh in mo mhéadail
Nach rachaidh mé go hIorrus mar gach bocht ag iarraidh déirce!"
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

Aistriúchán

The wren has a pub as strong(?) as is in Flanders,
He has wine and whiskey, beer and brandy,
He has rum coming over in floods to him from the King of France,
The curlew is playing music there and all the seals are dancing,
And let us drink to the health of the birds.

The sprightly wren came to the door of the tailor's house,
He hit the door with a kick and he broke it with his heel,
"If you don't make me my overcoat and velvet for it's cape
I will be at you with the whip until I hurt your bones!"
And let us drink to the health of the birds.

The crane came to the feast with salt,
"Greetings to you," she said to the birds,
"If you don't give me sweepings to throw into my stomach
I will go to Erris like every pauper seeking charity!"
And let us drink to the health of the birds.

Tráchtaireacht

Foilsíodh leagan den amhrán ólacháin seo faoin teideal 'Ólamuid sláinte na n-eun' in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1894. D'fhoilsigh an tAthair Pádraig Breathnach leagan sé véarsa de in Sídhe-cheól: cuid a dó (BÁC, 1926), 60, áit a ndeir sé gur leis an bhfonn 'An Dreóilín' a chastar é. Liostáiltear é mar 'Amhrán an Dreoilín' nó 'Sláinte na nÉanla' in Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 243-4. Casann Lillis Ó Laoire leagan Ultach de dar teideal 'Sláinte na nÉanach' ar Bláth gach géag dá dtig (Cló Iar-Chonnacht, 1992). Tá leagan eile den amhrán á chasadh ag Tomás Ó Lócháin, contae na Gaillimhe, i mbailiúchán Doegen freisin.

Teideal i mBéarla: Let us drink to the health of the birds
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Ceallaigh as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 ag 17:10:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 ag 17:10:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1132g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:17 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1132g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:17 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1132_a_g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1132_a_g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:14 nóiméad ar fad.