Tá cailín deas óg i mo dhiaidh ins an ród - Anna Feely


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá cailín deas óg ' mo dhéidh insa ród
Agus sé mo chreach mhaidne í mar chonaic mé í,
Thiocfadh sí 'un óil, 'un damhsa is 'un spóirt
Is thóigfeadh sí an brón daom ar uair an mheán oích'.

Is deise í go mór ná an lilí is ná an rós
Is tá deallradh dhon ór ag rith ina dlaoi,
'Á gcasfadh mo stór orm 's í a bheith gan pósadh
Ar chomhairle a bhfuil beo ní scarfainnse léi.

Ós tusa an fear ceoil a shiúileas go leor
Fagh dhomhsa seoid a bheas agam mar mhnaoi,
Ná santaigh go deo í, maoin eallaigh ná bhó,
Ach mhúinfinn an dóigh úd a meallfása í.

Bíodh sí (lách cóir) gan mairg gan brón
Agus stuama go leor ar chuile shórt ní,
Siod insa ród í gan iomarcaí bhróid inti,
Sin í mo stórach 'á mbeadh sí gan pínn.

Aistriúchán

There is a pretty young woman behind me on the road
And woe is me that I saw her,
She would come drinking, dancing and having fun
And she would lift my sorrow at the midnight hour.

She is prettier by far than the lily or the rose
And a golden sheen runs through her hair,
If I met my love and she were not married
Not on all the advice in the world would I part with her.

Because you are the musician that travels a lot
Find me a jewel that I would have for a wife,
Never covet her, property in cattle or cows,
But I would teach the way that you would charm her.

May she be pleasant and honest without woe or sorrow
And sensible enough in every way,
There she goes on the road without too much pride,
She is my love if she hadn't a penny.

Tráchtaireacht

Is leagan é seo den amhrán 'An Fear Ceoil'. Insíonn leaganacha níos faide den amhrán scéal faoi fhear óg a thiteann i ngrá le bean óg ach a thagann ar an tuiscint de réir a chéile go bhfuil grá níos mó aici d'fhear eile. Luann daoine áirithe an t-amhrán leis an bhfile Mícheál Mac Suibhne. Féach Micheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905), 38-9, 175-6. D'fhoilsigh Micheál Ó Tiománaidhe leagan de faoin teideal 'An Cailín Deas Óg' in Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906), uimh. 35. Féach an t-eagrán nua le William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair (Indreabhán, 1992), 59. Le haghaidh leaganacha eile de féach, mar shampla: An Claisceadal 3 (1930idí?), 11; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 15, 55; agus Ríonach uí Ógáin, Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (BÁC, 1999), 159-60.

Teideal i mBéarla: There's a pretty girl behind me
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Anna Feely as Co. Liatroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1930 ag 11:15:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 13-09-1930 ag 11:15:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1143d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1143d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1143d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1143d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad.