An Caisideach Bán - Mary Costello


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Thug mé mo chuairt úd ó mhullach na Cruaiche
'Gus liom anuas chun an tSléibhe Bháin,
Ag cuir tuairisc mo chailín a d'fhág m'intinn buartha
'Gus a rinne gual dubh dho mo chroí in mo lár,
Mar d'at mo ghuaillí go dtí mo chluasa
'Gus fuair mé an fuagra glan géar uaidh an mbás,
Dheamhan duine dár gcuala mo scéal an uair úd
Nár úirt[1] go mba trua bocht é an Caisideach Bán.

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean,
'Gus siúd í an mhaighdean an bhrollaigh bháin,
Nach trua nach liom í gan bó gan púnta
'Gus í ar contúirt a'm ar láimh;
Mar dhéanfainn teach mór di ar shúil an bhóthair
'Gus chuirfinn cóistí, óra, fóna clann,
'Gus, a chúilín donn deas, dá (mblighteá) bó dom
In do cheangal fómhair ní chuirfinn suim.

Nach aisteach an réasún le (gur) chuir tú i gcéill dom
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach dtiúrfadh an ghealach, óra, solas dh'Éire,
Nach dtiocfadh na réaltaí amach san oích'.
Níl brí ná spreacadh, óra, i dteas na gréine,
'S go snámhfadh na héisc ar an muir gan bhraon,
Go n-éireodh an fharraige chomh hard le na sléibhte,
Go deo ní thréigfidh mé grá mo chroí.

Mar d'fhan mé seal, óra, ag feoghlaim Béarla,
'Gus dúirt an cléireach gur mhaith mo chaint,
'S an fhad eile gan unsa céille
Mar a bheadh na héiníní ar bharr na gcrann;
Mar amuigh san oíche gan fás ná dídean
Ach an sneachta ag síordhul fó íochtar gleann,
Is, a chúilín donn deas, ar chaill mé mo chiall leat,
Na grást(a) nár fhagha tú mara n-éalóir liom.

Mar siúd í tharainn an eala bhán deas
'Gus í chomh gléasta le bean ar bith,
Nach trua mar a gineadh í, óra, i mbroinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis (...).

Aistriúchán

I took my course from the summit of the Reek
And down I went to the White Mountain,
Seeking my girl who left my mind troubled
And who made my heart inside turn to black coal,
Because my shoulders swelled to my ears
And I got a clear sharp notice from death,
There was nobody who heard my story at that time
Who didn't say that fair-haired Cassidy was a poor pity.

At the top of the stairs is the flower of all maidens,
And she is the maiden of the white breast,
What a pity she is not mine without a cow or a pound
With her in danger with me in my arm (?);
Because I would build her a big house at the top of the road
And I would send coaches for her family,
And, my brown-haired beauty, if you milked a cow for me
In your autumnal binding(?) I would have no interest.

What a strange reason with which you explained to me
That the grass would not grow up through the ground,
That the moon would not light up Ireland,
That the stars would not come out at night.
The heat of the sun has no strength or energy,
And until the fish swam in the dried-up sea,
Until the sea rose as high as the mountains,
Never would I abandon the love of my heart.

For I stayed a while learning English,
And the cleric said that my speech was good,
And the rest of the time without an ounce of sense
Like the little birds in the tree-tops;
Because(?), outside in the night without tree or shelter
Only the snow constantly blowing about the bottom of the glen,
And, my brown-haired beauty, over whom I lost my mind,
May you get no mercy if you don't escape with me.

There she goes past us, the beautiful white swan
And she as well-dressed as any woman,
What a pity she was conceived in her mother's womb,
Because it is for my death (...).

Fonótaí

= nach ndúirt. (Back)

Tráchtaireacht

Chum Tomás Ó Caiside an t-amhrán seo nó cumadh ina ainm é. Ceaptar gur i Leacht an Driseacháin, contae Ros Comáin, a rugadh Ó Caiside go luath san 18ú haois. Chuaigh sé isteach i mainistir Agaistíneach i mBéal Átha hAmhnais, contae Mhaigh Eo, ach díbríodh é, is léir, de bharr cumainn ghrá a bhí aige le bean áitiúil. Léiríonn an t-amhrán seo an crá croí pearsanta a bhí á fhulaingt ag Ó Caiside agus é idir dhá thine Bhealtaine, idir an ceangal a bhí air mar mhanach Agaistíneach agus an dúil a bhí aige sna mná. Déanann sé cur síos ar an dúil a bhí aige do bhean álainn le mothú ciontachta céasta. Bhailigh Dubhghlas de hÍde véarsa den amhrán seo a thugann le tuiscint gur mheall Ó Caiside cailín i gcoill tar éis dó éisteacht lena faoistin. Féach Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 2, 175. I roinnt leaganacha níos faide lorgaíonn sé trócaire ó Dhia sna véarsaí deireanacha. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin amhrán seo féach: Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905; eagrán nua le William Mahon, Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 22-2, 162); Dubhghlas de hÍde, Abhráin diadha chúige Connacht, iml. 2, 171-7; Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1923), 89; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 10-11; agus Brian O'Rourke, Pale rainbow: an dubh ina bhán (An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, 1990), 96-105. Tá leaganacha eile den amhrán againn i mbailiúchán Doegen ó Phádraig Ó Néill (Gaillimh) agus ó Phádraig Ó Baoighill (Dún na nGall).

Teideal i mBéarla: Fair-haired Cassidy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mary Costello as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1930 ag 13:35:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 13-09-1930 ag 13:35:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1144d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1144d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:06 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1144dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:06 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1144dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:06 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1144d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1144d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:05 nóiméad ar fad.