Paidir Ghairdín Pharthais - Mícheál Ó Concheanainn


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

I nGairdín Pharthais bhí an Paidrín Páirteach
Ag moladh na mná a bhí ariamh gan locht,
A Aonmhac Muire is a Rí na nGrásta,
Go dtuga tú na grásta dhá[1] n-anam bocht.

(Treis) agus cairde tabhair gach lá dhúinn,
Sacraiméad na haithrí agus go neartaí Dia linn,
Agus cuirim coimrí a n-anama ort, a Mhuire Bhantiarna.

A Mhuire Mháthair mhórmhar mhaiseach,
Tú an stór, an lón is an taisce,
Is tú an réalt eolais romhainn ins gach bealach,
I ngleann na ndeor, ó, treoraigh an peacach,
I sliabh na mbrón, fóir ar a n-anam.

Mar is peacachaí muide atá ag tarraingt gach lá ar bhás,
Agus cuirim coimrí a n-anama ort, a Athair Mhic Dé na nGrást,
Ná tabhair breith dhamanta ar a n-anam ar uair a mbáis. Áiméan.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

= d(h)ár. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 598. Cf. infra: a n-anama, a n-anam, a mbáis (= ár n-anama, ár n-anam, ár mbáis). (Back)

Tráchtaireacht

Tá leaganacha de línte 1-4 le fáil in Dubhghlas de hÍde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 1, 360-2, 372; Tomás Ó Broin, 'Dhá shean-phaidir', Béaloideas 6 (1936), 93; agus sa phaidir dar tús 'Paidrín Pháirteach i dTeampall Dé' á rá ag Pádraig Ó Meadhra i mbailiúchán Doegen. Tá leaganacha eile de línte 8-10 le fáil in Abhráin diadha chúige Connacht, iml. 1, 372, agus Seósamh Ó Flannagáin, 'Sean-phaidreacha ó Árainn', Béaloideas 7 (1937), 185-90: 187-8.

Teideal i mBéarla: The prayer of the garden of Paradise
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó Concheanainn as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 16-09-1930 ag 12:15:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 16-09-1930 ag 12:15:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1153d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1153d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1153d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:58 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1153d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:58 nóiméad ar fad.