Caisleán Uí Néill - Kate Conlan


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Níl cnocán dá aeraí, mo léan géar, nach n-aithneoinn mo mhian,
Níl maighdean dá chéillí, ó, mo léan géar, nach dteagann 'un suain;
Ó, bhfuil sé beo in Éirinn dho mo ghaolta cé thiocfadh ar cuairt,
Tá mo ghrá dho mo thréiscint le céile bean eile is nach trua.

Muise fan go Féil' Bríde agus dar m'fhírinne gheobhfaidh tú duais,
Nach gcruinneoidh mo mhuintir agus dhéanfadh siad eallach dhom suas;
Beidh ba agus caoirigh a'inn, ó, go cinnte faoi bhun Chnoic an Dúin,
Cead codladh go suímhneach gan bhuíochas le mala gan gruaim.

Tá mo gháirdín breá ina fhásach agus, a ghrá geal, ní miste leat é;
Tá aibhinne bhreá amháin ann nach bhfásann thríthi aiteann ná fraoch;
Níor chualas ceol cláirsí ag goil an tsráid seo ná ceiliúr na n-éan
Ó d'éalaigh mo ghrá uaim, cúilín álainn, go Caisleán Uí Néill.

Ó, is i gCaisleán Uí Néill atá an té úd a bhain daom mo shnua,
Sé an tsamhail a bhéarfainn dá méin deas is do leagan a súl,
Sé an tsamhail a bhéarfainn dá méin deas is do leagan a súl,
Ó, fíoruisce an tsléibhe is é a bheith ag ealú ar maidin sa drúcht.

Sé fuaim bhinn do bhéilín ' chuirfeadh éiníní na coille 'un suain,
Tá mo ghrá dho mo thréiscint le céiléachaí eile, is nach trua.

Aistriúchán

There is no hill, however airy, alas, where I would not know my desire,
There is no maiden, however sensible, alas, who doesn't come to rest (?);
Oh, is any relative of mine alive in Ireland who (?) would come to visit,
My love is leaving me with another woman's husband and isn't it sad.

Well, wait till Saint Bridget's Day and, by my oath, you will get a reward,
Won't my people come together and give me a herd of cattle;
We will have cows and sheep for certain at the foot of Cnoc an Dúin,
Leave to sleep soundly, in spite of all (?), with a gloomless brow.

My fine garden is gone wild and, my love, it does not matter to you;
There is one fine avenue there through which no furze or heather grows;
I have not heard the music of the harp on this street or the singing of the birds
Since my love left me, beautiful tresses, and went to O'Neill's Castle.

In O'Neill's Castle is the one who took from me my complexion,
I would compare her fine mind and the look of her eye,
I would compare her fine mind and the look of her eye,
To the spring water of the mountain flowing through the morning dew.

It is the sweet sound of your mouth which would send the birds of the forest to sleep,
My love is leaving me for other partners and isn't it a sad.

Tráchtaireacht

Cailín óg atá tréigthe ag a grá geal is ábhar don amhrán 'Caisleán Uí Néill', atá coitianta i gcúige Chonnacht agus i gcúige Mumhan araon. Claonann modh inste an scéil ann, ar nós go leor de na hamhráin sa traidisiún Gaelach, i dtreo na liriciúlachta agus na tagrachta, seachas an scéal a insint go lom díreach amach. I leaganacha áirithe de is cosúil go dtréigeann an fear an bhean óg le haghaidh leannáin eile atá ina cónaí i gcaisleán Uí Néill. I leaganacha eile fós, is féidir an chiall a bhaint as gur ball eisean den teaghlach uasal sin. De réir Nicholas Carolan (Seoltaí séidte (leabhrán le dlúthdhiosca, Gael Linn, 2004), 91), casadh leagan den amhrán i gcontae Mhaigh Eo le linn na 1790idí. D'fhoilsigh Edward Bunting fonn faoin teideal seo (féach Ancient Irish music (London, 1796, 14). Foilsíodh an t-amhrán go forleathan. Féach, mar shampla: George Sigerson (eag.), Poets and poetry of Munster: second series (BÁC, 1860), 82; An Gaodhal (Eanáir 1886); Dubhghlas de hÍde, Love-songs of Connacht (BÁC, 1893), 22, 26; An Lóchrann (Iúil 1909); Tomás Ó Máille, An ghaoth aniar (BÁC, 1920), 70-1; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha (eag.), Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1923), 9-12, 136; Proinnsias Ní Dhorchaí, Clár amhrán an Achréidh (BÁC, 1974), 27-8; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 74; Tomás Ó Concheanainn, Nua-dhuanaire III (BÁC, 1978), 31, 87; Brian O'Rourke, Blas meala (An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, 1985), 120-8.

Teideal i mBéarla: O'Neill's Castle
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Kate Conlan as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 17-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 17-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1157d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1157d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1157d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1157d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad.