An fear beag riabhach rua (cuid 1) - Brigid McEvey


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear fadó agus bhí sé i nGaillimh. Bhí leasainm air, An Fear Beag Riabhach Rua. Bhí sé póstaí. Fuair a bhean bás. Pósadh an darna huair é le baintreach mná a rabh aon mhac amháin aici. Bhí fuath millteanach ag an fear beag riabhach rua ar an gasúr seo. Aon lá amháin nuair a fuair sé a bhean ag siúl 'un Aifrinn leag sé ceann an (ph)áistí ar an mbloc agus baineadh... sé[1] an ceann de le buille thuaigh. Chuir sé poll sa mballa as cionn an[2] fuinneog agus chuir sé corp an (ph)áistí isteach ann. Nuair a tháinig an (...).

Aistriúchán

There was a man long ago and he was in Galway. He had a nickname, The Small Red-haired Grizzled Man. He was married. His wife died. He got married a second time to a widowed woman who had one son. The Small Red-haired Grizzled Man hated this boy greatly. One day when he found that his wife had gone to mass he placed the child's head on the block and he cut off his head with the swing of an axe. He put a hole in the wall above the window and he put the child's body into it. When the (...) came (...).

Fonótaí

Recte bhain sé. (Back)
Leg. na? (Back)

Tráchtaireacht

Tagann an chéad agus an dara cuid de seo le chéile mar scéal ina mbaintear úsáid, is cosúil, as an móitíf idirnáisiúnta béaloidis E231 Return from dead to reveal murder. Seo móitíf choitianta ar fud na hEorpa, agus faightear í mar chuid de roinnt finscéalta ar an osnádúr. B'fhéidir go bhfuil móitíf eile sa scéal leis, E443.2.4 Ghost laid by priest. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). D'fhéadfadh sé go bhfuil gaol scaoilte ag an scéal leis an tsraith de scéalta idirnáisiúnta béaloidis ATU 780-799 The truth comes to light, a bhaineann go minic le dúnmharú rúnda, agus eachtra neamhghnách éigin a léiríonn an fhírinne. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). An eipseasóid ag deireadh an scéil ina mbeireann fáinleog ubh ar an bhfear a bhfuil pionós á chur air, tá sí seo beagán doiléir, ach b'fhéidir go síolraíonn sí ó mhóitíf eile, Q541.5 Penance: staying for ten months rooted to one spot, with eyes closed, while birds build nests in one’s hair.

Tá leagan den scéal seo in Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., Dublin, 1958-69), iml. 3, 348. Féach leis iml. 1, xviii.

Teideal i mBéarla: The small red-haired grizzled man (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brigid McEvey as Co. Shligigh
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1158g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1158g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1158g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1158g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:50 nóiméad ar fad.