Is éard a bhí sa Suibhneach - Seán Mac Confhaola


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Dhiúltaigh sé a lámh a thóigeáilt agus dúirt sé:

Go deimhin, a Mhichíl 'ic Suibhne go cinnte tá an marg leat,
Beidh mé á fhágáil sna leabharthaí i gcoirnéal ar bith,
Droichead a dhéanamh (...) lár tíre nó barúntacht,
Níorbh é sin féin an ghreannúlacht nó an bhrí a bhí agam ort.
Dúradh lóistín a dhéanamh go ceann míosa agus a (theachtaire),
Tugadh ch(...) bealach le muintir (sa sto)(...),
Ach sé an (bhean) atá dhá aithris a'm go cinnte (dhá) (...) leis... leat
Fanacht leis an (gca)(...) agus bímse i mo thost.

Aistriúchán

He refused to lift his hand and he said:

Indeed, Michael MacSweeney the mark is with you surely,
I will be leaving it in the books in any corner,
To build a bridge (...) midlands or barony,
That was not the (...) or my reading of you.
It was ordered to make lodgings for a month and (...),
(...) was given (...),
But it is surely the woman who (...) you
To stay with the (...) and I be silent.

Tráchtaireacht

B'fhéidir gurb éard atá anseo ná an dara cuid d'argóint fhileata idir an file pobail Mícheál Mac Suibhne agus duine uasal éigin. B'as áit i gcóngar do Chonga, contae Mhaigh Eo, ó dhúchas do Mhac Suibhne (c.1760-c.1820), ach chaith sé formhór a shaoil i gConamara. Féach Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, 1782-1881: Beathaisnéis (BÁC, 1999), 75. Ceann de na dánta is mó cáil uaidh ná an aoir ghreannmhar dar teideal 'Iorras Fhlonnáin', agus is cosúil gur aoir eile dá leithéid atá sa sampla anseo, cé gur leagadh mórán dánta nár chum sé féin air sa traidisiún béil le himeacht aimsire. Tá bailiúchán de na dánta a shamhlaítear le Mac Suibhne in Tomás Ó Maille, Mícheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe (BÁC, 1934). Tá taifeadadh eile i mbailiúchán Doegen ón bhfaisnéiseoir céanna, Bhí Mícheál Mac Suibhne, a bhféadfadh sé gurb é an chéad chuid den scéal seo atá ann, cé nach bhfuil sé seo cinnte, mar go bhfuil an teanga doiléir agus nach bhfuil an téacs leanúnach.

Teideal i mBéarla: McSweeney
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac Confhaola as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:35 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:33 nóiméad ar fad.