An fear a d'ith an mhuiceoil - Seán Ó Tuairisc


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear fadó ann agus bhí triúr mac aige. Dúirt sé (go gcuirfeadh) sé an triúr ansin dhá mbeathú ag fear eile. Tháinig an fear go dtí é agus rinne sé margadh leis.

"Anois," a deir sé, "tabhair caoireoil dho dhuine acu agus mairteoil dhon cheann eile agus muiceoil dhon cheann eile."

"Déanfad sin," a deir an fear.

I gceann bliana, tháinig an triúr mac go dtí é.

"Anois," a deir sé leis an mac is sine, "céard tá tusa in ann a dhéanamh?"

"Tá mé in ann caisleán a chaitheamh," a deir sé, "dho léim." Sin é fear na caoireola.

D'fhiafraigh sé dh'fhear na mairteola céard a bhí sé féin in ann a dhéanamh.

"Tá mé in ann crann ar bith dhá láidre," a deir sé, "a tharraingt as an talamh."

D'fhiafraigh sé dh'fhear na muiceola céard a bhí sé féin in ann a dhéanamh.

"Tá mé in ann muiceoil a ithe ar chuma ar bith," a deir sé, "ach sin an méid."

Aistriúchán

There was a man long ago and he had three sons. He said he would send the three of them to another man to be looked after. The man came to him and he made an arrangement with him.

"Now," he said, "give mutton to one of them and beef to the other one and bacon to the other one again."

"I'll do that," said the man.

In a year's time, the three sons came to him.

"Now," he said to the eldest son, "what can you do?"

"I can clear a castle," he said, "in one jump." That was the man who ate mutton.

He asked the man who was eating beef what he could do.

"I can pull any tree no matter how strong," he said, "out of the ground."

He asked the man who was eating bacon what he could do.

"I can eat bacon at any rate," he said, "but that's all."

Tráchtaireacht

Is dócha gur jóc atá sa scéal gearr seo, agus go n-eascraíonn an greann as an deireadh obann gan bhuaicphointe. Tugtar scéalta 'Shaggy Dog' ar scéalta dá leithéid sa bhéaloideas, agus is minic gur scéalta fada, fánacha iad a chríochnaíonn go hobann, le conclúid mhealltach. Féach Eric Partridge, The ‘Shaggy Dog’ story: its origin, development and nature (Londain, 1953). Féach leis Jan Harold Brunvand, 'A classification for Shaggy Dog stories', The Journal of American Folklore 76:299 (1963), 42-68.

Teideal i mBéarla: The man who ate the pork
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Tuairisc as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 19-09-1930 ag 13:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 19-09-1930 ag 13:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:50 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169dd3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169dd3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1169g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1169g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:49 nóiméad ar fad.