Maidin, meán lae agus tráthnóna - Tomás Mac Con Iomaire (c.1916-?)


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear fadó ann. Agus phós sé. Agus ní raibh aige ach triúr clainne. Agus cailleadh an t-athair agus an mháthair. Agus aon oíche amháin d'imigh an triúr deartháir leothub. Agus chonaic siad solas i bhfad uathub agus (ní i ngar dhóib). Agus rinne siad ar an solas. Agus céard a bheadh ann ach teachín beag. Agus ar maidin lá arna mháireach chuaigh beirt deartháir acub amach ag foghléireacht agus d'fhan (duine amháin) istigh ag réiteach dinnéir dhóib. Agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar am dinnéir thug sé isteach caora dhon fheilm agus mharaigh sé í. Agus sceáin sé í. Agus chuir sé síos í. Agus ní rabh ann ach go rabh sí thíos nuair a tháinig fearín beag isteach. Dhá throigh ar leithead, dhá throigh ar fad agus dhá throigh dhéag féasóige.

"Cén chaoi a bhfuair tú (...) (féin)," a deir sé, "ghoil i leith mo theach, is ag tabhairt isteach caora dhon fheilm agus í a mharú? Agus (...) isteach agus (...) agus caora dhuitse (...) tráthnóna?"

Rugadar ar a chéile, lámh in íochtar, lámh in uachtar, lámh (...). Is gearr go bhfuair an tráthnóna an ceann ab fhearr air. Rug sé amach é i (gcoill). Agus rug sé leis tua. Agus bhuail sé buille ar chrann ann. Agus rinne sé scoilt insa gcrann. Agus chuir sé síos féasóig an fhir bheag ann. Agus chas sé timpeall an chrainn é. Agus nu-... (Ansin nuair a) thiocfadh an beirt deartháir abhaile theaspáinfeadh sé an gníomh a bhí déanta ó d'imíodar go dtáinig siad.

Aistriúchán

Long ago there was a man. And he got married. And he only had three children. And the father and mother died. And one night the three brothers went off. And they saw a light at a great distance from them and not close to them (?). And they went towards the light. And what would it be only a small little house. And the next morning two of the brothers went out hunting and one stayed inside preparing dinner for them. And when it was nearing dinner time he brought in a sheep from the farm and he killed it. And he cut it up. And he put it down. And he had only just put it down when a small little man came in. Two feet wide, two feet tall and twelve feet of beard.

"How did you (...) yourself," he said, "to go into my house, and bring in a sheep from the farm and kill it? And (...) in and (...) and a sheep for you (...) this evening?"

They caught each other, a hand below, a hand above, a hand (...). It wasn't long before the evening got the better of him. He brought him out into a wood. And he brought an axe with him. And he hit a tree there. And he split the tree. And he put the small man's beard into it. And he turned him around the tree. And whe-... Then when the two brothers would come home he would show them the deed he had done since they left until they returned.

Tráchtaireacht

Leagan é seo den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1159 The ogre caught in the cleft. Tá mórán leaganacha ann den scéal seo, ach tá an eilimint lárnach ina mbeirtear ar fhéasóg nó ar mhéara i mbís nó i scoilt le fáil iontu go léir. Faightear an scéal ar fud na hEorpa, ar fud thuaisceart na Rúise agus chomh fada soir leis an tSeapáin. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Bhí an scéal i gcontae na Gaillimhe, ach tá sé neamhchoitianta go maith in Éirinn trí chéile. Ní dhearnadh clárú ach ar thrí cinn de shamplaí in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968), faoin teideal AT 1159 The ogre wants to learn to play. Tá an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis, K1111.1 Ogre’s (dwarf’s) beard caught fast ann. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: Morning, noon and eve
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás [Óg] Mac Con Iomaire as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1173g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1173g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:36 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1173dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:37 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1173dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:37 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1173g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1173g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:34 nóiméad ar fad.