Muintir Lábrú - Tomás Mac Con Iomaire (c.1916-?)


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear fadó ann. Agus phós sé. Agus ní rabh aige ach triúr clainne. Agus cailleadh é. Agus (bhog an faoistean) sa teach. Agus maraíodh cráin mhór mhuice dhon sagart. Agus nuair a bhí sé ag tabhairt faoistean dhon chéad mhac d'fhiafraigh sé dhó cén t-ainm a bhí ar a athair.

"Níl a fhios agamsa," a deir sé, "mara bhfuil a fhios ag an dara ceann é."

D'fhiafraigh sé dhon dara mac é.

"Níl a fhios agamsa," a deir sé, "mara bhfuil a fhios ag an gceann is óige."

D'fhiafraigh sé dhon cheann is óige.

"M'anam 'on deabhal," a deir sé, "nach aon athair amháin a bhí a'inn."

Thug sé faoistean dhóib. Agus thug sé faoistean gach a rabh sa teach ann. Agus thug sé faoistin gach a rabh sa teach ann. Agus leagadh anuas cráin mhór mhuice ag an sagart. Agus d'fhiafraigh an sagart, "Céard í seo?"

Dúirt siad gur cráin mhór mhuice a mharaigh sé dhó.

"Ní íosfaidh mise," a deir sé.

"Mara n-íosfaidh," a deir sé, "íosfaidh muid féin í."

Agus d'imigh gach a rabh sa teach ann abhaile. Agus chuaigh an sagart abhaile. Agus d'ith siad féin an chráin mhuice.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Tráchtaireacht

Nóta tráchtaireachta idir lámha.

Teideal i mBéarla: The talkative people (?)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás [Óg] Mac Con Iomaire as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1174g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1174g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1174g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1174g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:03 nóiméad ar fad.