An fathach - Tomás Mac Con Iomaire (c.1916-?)


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí bean fadó ann. Agus bhí triúr mac aici. Agus aon lá amháin dúirt an mac ba sine go ngabhfadh sé ar aimsir. Agus dúirt sí leis (bodhrán) uisce a thabhairt isteach ón tobar. Agus thug sé... Agus chuaigh sé ag an tobar agus thum sé síos an (bodhrán) sa tobar. Dheamhan deoir a d'fhan ann. Thum sé síos aríst é. Dheamhan deoir a d'fhan ann. Tháinig an spideoigín ar an gclaí. Bhuail (deoir de) agus bhuail chuile shórt (é). Is b'fhéidir go bhfanfadh deoir eicínt ann. Thum sé síos ansin é is d'fhan braon beag (ar a bhogha). Thug sé... Rug sé isteach é. Agus rinne a mháthair cáca. Agus nuair a bhí an cáca bruite rinne sí dhá leith dhon cháca.

"Ar fearr leat an leath bheag is mo mhallacht anois," a deir sí, "nó an leath mhór is mo bheannacht?"

"B'fhearr liom an leath bheag is do mhallacht," a deir sé.

Thug sí an leath bheag dhó. Chuaigh sé... Chuaigh sí suas sa scioból. Chuir seacht míle mallacht leis nó gur (bhailigh) sé as a (sheasamh). Bhí an deireadh anois ag teacht. D'fhág an cat an tobairín leis (le) uachtar meala air agus íochtar fola.

"(...) (in am)," a deir sé. "Íosfaidh mé mo bhéilí."

Shuigh sé síos. Thosaigh sé ag ithe. Is gearr go dtáinig coileáinín beag dho ghadhar ar bhruach an tobair.

"An dtiúrfá (cuid) (...) (dom)?" a deir sé.

Níor thug sé aon bhit dhó. Agus tháinig uachtar fola ar an tobar agus íochtar meala. Agus d'imigh leis. Is gearr gur casadh i dteach é. Agus d'fhiafraigh sé dhon fhear an tí an gcoinneodh sé ar aimsir é. Dúirt sé go gcoinneodh. Agus ar maidin lá arna mháireach d'ith sé a bhricfeasta is chuaigh sé amach ag (...)ocraíocht le beithígh. Agus shuigh sé síos faoi bhun crann ann. Is gearr gur airigh sé íochtar na coille ag goil ina huachtar agus uachtar ag goil in íochtar. Agus tháinig fathach mór go dtí é. Chúig cheann, chúig (mheall), is seacht muin-... chúig mhuiníl. Agus d'fhiafraigh sé dhó cén fáth dhó ghoil ag cur sto-... beithígh ar a chuid talúna.

"Is beag liom dho ghreim thú," a deir sé. "Is mór liom dho dhá ghreim thú. Is sul mbeadh gráinne salainn ar do mhullach d'íosfainn dho aon ghreim amháin thú."

"(...) (carria ar leacracha cois claimhe) a chuid sceana mórfhada (...) chéile. Is fearr liom an (carria) ar leacracha glasa mar is iad is mó ariamh a chleacht mé. Budh 'iod an (carria). Is gearr go bhfuair sé an ceann ab fhearr ar an bhfathach. Chuir mé mo chaipín draíocht, is mo chlaimhe solais, agus m'aprún gabhann, (...) (Mhárta), is seacht míle (roinnte), (...) (Mhárta), is seacht míle ina diaidh uirthi. Is é bhéarfaidh mé ar faobhar do chlaimhe," a deir sé, "ar an (mbocán) is gráinne sin. Ní fheicimse bocán istigh ann is gráinne ná do bhocán féin."

Bhuail sé an cloigeann. Is thug sé (dhon) cholainn é. Is bhí míle cloigeann thart ar an gcolainn arís. Agus bhuail sé é. Agus rinne sé dhá leith dhó.

"Tá mé réidh anois," a deir an cloigeann.

"Tá sin," arsa (...).

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Tráchtaireacht

Is cosúil sa scéal seo go dtógtar roinnt móitífeanna agus plotaí ar iasacht ó scéalta éagsúla eile. Is cosúil go bhfuil eachtra an fhathaigh cosúil le scéal béaloidis a ndearnadh clárú air in Jeremiah Curtin, Myths and folklore of Ireland (Boston, 1890), 56. Tá leaganacha eile fós le fáil in Énrí Ó Muirgheasa, 'Síogaidhe Dhún Gheanainn', Béaloideas 2:4 (1930), 408-415: 414. Tá na scéalta seo go léir cosúil leis an sampla anseo againn, agus baineann siad le fear óg a théann in aimsir le feirmeoir. An fhad a bhíonn sé ag aoireacht, tagann fathach nó gruagach, a bhfuil cúpla ceann air i mórán leaganacha, ina láthair agus maraíonn sé é agus baineann sé an ceann de. Tá gaol acu seo, go téamach, le sraith de scéalta idirnáisiúnta béaloidis a bhaineann le dragún nó fathach á mharú. Orthu seo tá ATU 304 The dangerous night-watch, ATU 302B Life dependant on a sword agus ATU 300 The dragon-slayer. Scéalta fíorchoitianta iad a fhaightear go mion minic ar fud an domhain. D'fhéadfadh sé go bhfuil gaol ag tosach an scéil le scéal béaloidis eile, is é sin le rá ATU 480 The kind and the unkind girls. Baineann an scéal seo le cailín atá greamaithe i dtobar, agus i ndiaidh sraith d'eachtraí ina gcabhraíonn sí le hainmhithe, téann sí in aimsir le seanduine. Caithfidh sí roinnt cúraimí diana a chur i gcrích, uisce a iompar i gcriathar i measc rudaí eile. Tabharfar luach saothair di, agus caithfidh sí rogha a dhéanamh idir luach saothair mór nó beag. Roghnaíonn sí luach saothair beag, ach ráiníonn sé gur luach saothair an-luachmhar é le ceart. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Is cineál an-choitianta in Éirinn iad na scéalta ar mharfóirí dragún, agus tá mórán samplaí ann díobh as gach cearn den tír. Tá ATU 480 coitianta go maith in Éirinn, agus faightear ar fud na tíre é. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Ar na móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis atá sa scéal, tá H1023.2 Carry water in a sieve, F531.1.2.2.3 Five-headed giant, D1067.1 Magic hat, D1081. Magic sword agus J229.3 Choice: a big piece of cake with my curse or a small piece with my blessing. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Ar na leaganacha eile, tá 'The Shee an Gannon and the Gruagach Gaire' in David Nutt, Celtic fairy tales (Londain, 1892), 'The Cu-Beag of the Willow-Wood' in Seumas MacManus, The Donegal wonder book (Nua-Eabhrac, 1926) agus 'Billy Beg and the Bull' in Seumas MacManus, In chimney corners (Nua-Eabhrac, 1918).

Teideal i mBéarla: The giant
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás [Óg] Mac Con Iomaire as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 20-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1174g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1174g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:51 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1174g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1174g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:50 nóiméad ar fad.