Paidir an Tiarna; Cré na nAspal - Pádraig Ó Niadh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ár nAthair atá ar neamh,
Go naofar t'ainm.
Go dteaga do ríocht.
Go ndéantar do thoil
Ar an talamh mar níotar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniu.
Maith dhúinn ár bhfiacha
Mar mhaitheannamuide dár bhfiacha féin.
Ná lig sinn i gcathú,
Ach saor sinn ón olc.
Áiméan.

**********

Creidim i nDia,
Ár nAthair uilechumhachtach,
Cruthaíodóir neamh agus talamh,
In Íosa Críost (...) Aonmhacsan,
Ós é sin ár dTiarna,
A gabhadh ón Spiorad Naomh,
A rugadh ón Maighdean Mhuire,
D'fhuiling a pháis
Agus fuair bás (ar son sinn uile a fhuascailt agus) a shlánú.
D'éirigh an treas lá ó mhairbh.
Chuaigh suas ar neamh.
Tá ina shuí ar dheis Dé, ár nAthair uilechumhachtach.
As sin tiocfaidh le breithiúnas a thabhairt
Ar bheo agus ar mhairbh.
Creidim insa Spiorad Naomh,
Agus sa Naomheaglais Chaitliceach Rómhánach,
I gcumann na naomh,
I maith(eamh) na bpeacaí,
In aiséirí na gcorp,
Agus insa mbeatha bhuan.
Áiméan.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de Phaidir an Tiarna agus de Chré na nAspal á rá. Tá cúig shampla de Phaidir an Tiarna agus dhá shampla de Chré na nAspal i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht Phaidir an Tiarna sa Ghaeilge rianta i sraith de thrí alt le Cathal G. Ó Háinle: 'The Pater noster in Irish: the pre-Reformation period', Celtica 21 (1990), 470-88; 'The Pater Noster in Irish: Reformation texts to c. 1650', Celtica 22 (1991), 145-64; 'An Phaidir: Ó Maolchonaire agus Ó hEodhasa', Celtica 24 (2003), 239-51.

Teideal i mBéarla: The Lord's prayer; the Apostles' Creed
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Niadh as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain. Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1175g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1175g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:47 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1175g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1175g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:46 nóiméad ar fad.