An fear a d'éirigh saibhir - Thomas Nolan


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear uair ann agus bhí ceathair dearthár aige. Agus dúirt sé lena mháthair, "Bhuel, a mháthair," a deir sé, "tá ormsa... Níl a ndótháin talún anseo againn, agus tá ormsa," a deir sé, "ghoil amach go Meireacá agus mo bheatha a shaothrú."

"Déan sin, a mhac," a deir sí.

D'imigh leis agus d'íoc sé a phaisinéireacht dhá phunt deich scilleacha. Ós ru-... D'im-... D'fhága sé as ród na Gaillimhe. Agus dhá mhí bhí sé ar an long nó go ndeachaigh sé amach go Meireacá. Fuair sé obair ar (ráillibh). Gortaíodh é. A chos agus a láimh. Scríobh sé abhaile acub gur gortaíodh é.

"Té-... Teag abhaile, a mhac," a deir a mháthair leis.

"Tháin-... Déanfad sin," a deir sé.

Tháinig sé abhaile agus fáilte mhór roimhe. Mar bhí a fhios acub go maith go rabh an t-airgead aige.

"Tá sin agam," a deir sé "trí chéad agus... trí chéad go leith punt."

Agus tháinig sé abhaile. Agus gearr a bhí sé sa mbaile nuair a buaileadh tinn é. Chuaigh sé isteach san eospidéal. Agus ní íocfadh sé muintir an eospidéil ar é a choinneáil agus tugadh abhaile aríst é insa mbaile, an áit... chéad áit a bhfaca sé solas an lae. Agus nuair a chuaigh siadsan... Ní rabh sé... Cuireadh fios... Bhí sé chomh tinn agus (gur) cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart.

Dúirt an dochtúr leis, "Níl i bhfad le maireachtáil agat," a deir sé, "ach ceithre lá."

Ach go dtí na cheithre lá go dtí an noiméad cailleadh é. Ach shul má cailleadh é, "Tá an bás ormsa," a deir sé. "Agus má tá," a deir sé, "cuiridh go (fiontach) mé. Ná sparáilidh airgead orm," a deir sé, "tobac ná píopaí ná snaoisín," a deir sé. "Agus tugaidh a ndo-... ndóthain (dho) na daoine," a deir sé, "dho na daoine atá thimpeall orm," a deir sé, "ar a tórramh agus cuiridh tórramh mhaith orm," a deir sé, "agus cuiridh go (fiontach) mé le mo chuid airgid féin."

Cuireadh sin air. Fuair siad naoi ngallún fuisce beatha. Agus bhí an tsochraide agus an tórramh. Agus shul má d'fhága siad an chor ar bith insa tsráid bhí go leor leor acub sínte. Mar d'ól siad an stuif sin. Agus bhí sé... Stuif... Fuisce beatha biteáilte a bhí ann. Agus cailleadh léir mar bhí siad ag goil soir ar éigean... Ins an am sin, séard a bhíodh siad á n-iompar ar a nguaillí. Agus san aimsir (ghile) chaitheadh siad é a ligean anuas ar an mbóthar agus é a thóigeál suas aríst. Ach thug siad síos go dtí an reilig é agus d'fhága siad ag an reilig é ar bhealach eicínt. Ach sílimse, leis an insea-... an fhírinne a inseacht, nár cuireadh é go dtí an chéad lá... lá arna mháireach... cuireadh go dtí an chéad lá arna mháireach é.

Ach sin é an chaoi a ndeachaigh an créatúr sin agus a chuid airgid. Agus nuair a chuid-... Gach a rabh dho airgead ansin aige bhí sé ag a dheirfiúr agus bhí sé ag a chuid deartháireachaí agus bhí sé ag chuile dhuine acub. Ach sin é anois an chaoi an... sin é an chaoi a ndeachaigh airgead an chréatúir sin. Agus ní íocfadh sé a bhealach istigh san eospidéal.

Aistriúchán

There once was a man and he had four brothers. And he said to his mother, "Well, mother," he said, "I must... We don't have enough land here, and I must," he said, "go out to America to earn my living."

"Do that, son," she said.

He went off and he paid he passage of two pounds and ten shillings. He left from Galway anchorage. And for two months he was on board the ship until he reached America. He got work on the railroads(?). He got injured. His leg and his hand. He wrote home to say that he had been injured.

"Come home, son," said his mother to him.

"I'll do that," he said.

He came home and was warmly welcomed. Because they knew well that he had the money.

"I have," he said, "three hundred and... three hundred and fifty pounds."

And he came home. And he wasn't long at home when he was struck ill. He went into the hospital. And he would not pay the people in the hospital for his keep and he was brought home again, where he first saw the light of day. And when they went... He was so sick that the doctor and the priest were sent for.

The doctor said to him, "You have not long to live," he said. "Only four days."

Well, in four days to the minute, he died. But before he died, "I am nearing death," he said. "And if I am," he said, "bury me lavishly(?). Do not spare money on me," he said, "tobacco or pipes or snuff," he said. "And give plenty to the people," he said, "to the people who are around me, "he said, "at the wake and wake me well," he said, "and bury me lavishly(?) with my own money."

That was done for him. They got nine gallons of whiskey. And the funeral and the wake went ahead. And before they had even left to go out onto the street many of them were lying down. Because they drank that stuff. And it was... It was strong whiskey. And (...) as they were just about going eastwards... (?) At that time, they were carrying him on their shoulders. And at the (...) time they would have to let him down on the road and lift him up again. But they brought him down to the graveyard and they left him in the graveyard somehow. But I think, to tell the truth, that he wasn't buried until the next day... the following day... buried until the next day.

And that is how that creature went and his money. And when his... And all the money he had then, his sister had it and his brothers had it and every one of them had it. But that now is the way... that's the way that creature's money went. And he would not pay his way inside in the hospital.

Tráchtaireacht

B'fhéidir go bhfuil gaol aige seo leis an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1305 The miser and his gold. Cineál ilghnéitheach é seo, ach baineann leagan amháin de le sprionlóir a bhfuil breoiteacht thromchúiseach air, agus atá ag lorg slite chun airgead a spáráil fiú agus é ar leaba a bháis. Faightear go tearc ach go forleathan ar fud an domhain é. I líon beag tíortha a fhaightear leaganacha de, ach faightear ó Éirinn go dtí an tSín é. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Faightear an téama seo i scéalta an-luatha, cosúil le bailiúchán fabhalscéalta an údair Ghréagaigh Aesóp ón séú céad roimh Chríost. Féach Karl Halm, Fabulae Aesopicae collectae (Leipzig, 1852), 198. Rinneadh clárú ar scéalta dá leithéid i mórán áiteanna in Éirinn, ach níl an oiread sin acu ann. Rinneadh catalógú orthu faoin uimhir 1305 Stories about misers in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The man who became rich
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Thomas Nolan as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 21-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 21-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1177g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1177g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1177dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:39 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1177dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:39 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1177g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1177g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:36 nóiméad ar fad.